Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 9 canna is áille sa cheantar agus dheamhan mórán athruithe tagtha ar an bhealach seo ón lá sin fada ó shin ar chríochnaigh Paidí Mhicí Rua agus a chriú é. Taispeánann an píosa seo ina dhialann go raibh cleasaíocht agus maistíneacht ag dul ar aghaidh san am sin fosta). Paidí agus an Poitín. Ar chlár Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta d’inis Annie Mhicí Rua, sin iníon Phaidí an scéal faoi bheith ag cuidiú lena hathair poi- tín a dhéanamh. Ba seo trí bliana sula bhfuair Annie bás. Dúirt sí gur chuimhin léi go dearn sé 9 ngalún poitín uair amháín agus gur dhíol sé na 9 ngalún ar an Chraoslach ar 8 schilling an galún. Rinne Paidí Mhicí Rua a stil agus a worm fhéin agus chan amháin sin ach bhí aintín leis a raibh Nábla uirthi pósta ar Mhac Eamharcaigh ar an Tearmann agus rinne sé stil agus worm dóibhsean fosta. Nuair a bhí an stil déanta aige do mhuintir an Tearmainn d’fhág sé fhéin agus John Ó Dub- haigh (John Thuathail Mhóir) an teach ag a dó a chlog maidin amháin agus thug a n-aghaidh ar an Tearmann leis an stil, iad ag déanamh sealanna ag iompar an stil ar a ndroim. Níl fhios againn caidé’n t -am a shroich siad an Tearmann ach is cinnte gur turas fada a bhí ann agus stil ar iompar agat. Baisteadh na ‘stillers’ i gcónaí ina dhiaidh sin ar theaghlach a aintín Nábla. Cé go raibh laghdú mór tagtha ar dhéanamh poitín sa cheantar seo sna fichidí bhí an poitín a dhéanamh i gcónaí agus is cinnte go ngearrfaí fineál ghéar nó tréimhse sa phríosún ar an té a mbeirfí air. Ach bhí na daoine breá eolach ar mhodhanna oibre na bpóilíní agus bhí siad ábalta cibé na hi- arrachtaí a dtabharfadh na póilíní faoi a shárú. Bhí buidéal nó cúpla buidéal poitín i bhfolach i bhfurmhór na dtithe agus chan leis an tart a chloí i gcónaí a bhí sé i bhfolach ach baineadh úsáid mhór as fosta le daoine agus ainmhithe a leigheas ar ghalair áirithe. Bhain daoine úsáid mhór as san am sin fosta fá choinne a gcuid piantaí a leigheas. Bhí an poitín cuid mhaith níos saoire dar ndóigh ná an t-uisce beatha a cheannófaí agus bhí sé thar a bheith úsáideach i dteach ina mbeadh bainis, faire nó duine inteacht ag imeacht go Meiriceá. Ach bhí na poilíní de shíor ag dul thart ag cuartú. Lá amháin shiúil siad isteach tigh Mhicí Rua. Chonaic Rosie, bean Phaidí, iad ag teacht Seo cuntas óna dhialann don Chomhairle Contae.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3