Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 10 De thairbhe go bhfuil an loch seo follaithe faoi scáth na gcnoc chan mór an méid gréine a gheobhann sé sa Gheimhreadh, rud a fhágann go mbíonn doimhneacht d ’ oighreog uirthi le línn tréimhse aimsire ina mbíonn siocán trom ann. Chan loch é a bhfuil eolas ag mórán daoine faoi as siocar é a bheith scoite amach ar an iargúltacht, ‘ sé sin taobh amuigh de bhunadh na háite agus sa lá atá inniu ann na turasóirí a bhíonn ag tarraingt ar an ‘ Murder Hole ’. Tá an tráigh ag an ‘ Murder Hole ’ istigh faoi scáth Chnoc na Sleá agus faoi chosaint na mbeanna agus na méilte, áit nach bhfuil fhios ag duine ná deoraí cén dóigh ar baisteadh an t - ainm uafásach sin uirthi. Siopa ag an Loch Mór. In eagrán eile de Ghuth Ghoill rinne muid cur síos ar shiopa a bhí suite in aice leis an Loch Mór. Ar imeall an locha, ar thaobh an Mhill Mhóir de, tá clocha na seanbhallóige le feiceáil go fóill. Ba seo teach cónaí Bhidí Phaidí Óig ( Bidí Mhic Giolla Bhríde). Bhí deirfiúr dá cuid pósta i nDumhach Beag i bhFánaid ar dhuine de bhunadh Mhic A ’ tSaoir agus tháinig mac díthe a raibh James air anall tigh Bhidí agus thosaigh sé siopa éadaigh i dtigh a aintín in aice leis an Loch Mór. Is cosúil go bhfaca sé riachtanas de shórt éigin maidir le stíl éadaigh bhunadh Ros Goill, go háirithe i measc na mban! Ba ghnách leis a dhul go Glaschú achan mhí leis an éadach agus na bróga ba nua - aimsearaí a cheannacht. Nuair a bhíodh an t - éadach agus na bróga ceannaithe aige chuireadh sé an lód isteach i gcúpla braitlín, ceann ar achan ghualainn agus bhéaradh sé a aghaidh ar Dhún nan Gall, ar Ghort na Luchóg agua ar an Loch Mór. Nuair a bhíodh lód úr istigh rachadh an scéala amach agus dheamhan i bhfad go mbíodh na scaiftí de ghirseachaí óga ag tarraingt ar shiopa Mhic A ’ tSaoir ag an Loch Mór as achan chearn den pharóiste agus anall as Fánaid. Cha raibh feidhm ar bith san am sin le ‘ Facebook ’ ná ‘ Twitter ’. Cha raibh bealach mór ar bith ‘ na Mhill Mhóir ag an am sin ach oiread agus théadh daoine amach Cnoc a ’ Staighre ar chúl tigh Mhicí John agus ansin síos An Loch Mór leis na healaí agus clocha le feicéail ar an fhéar ó sheanbhallóga an tsiopa
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3