Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 11 Cnoc a ’ Dochartigh. Ba seo an aicearra. Is deacair a rá anois cé mhéid bliain a mhair an siopa seo ach níl amhras ar bith ná gurbh iontach an éacht a bhí ann siopa rathúil a reáchtáil in áit a bhí chomh scoite amach agus chomh iargúlta. Colainn gan Cheann. Bhí áit eile i nGort na Luchóg a raibh ainm aisteach uirthi agus ba sin an áit ar tugadh ‘ Colainn gan Cheann ’ uirthi, bhí an áit seo ar an mhalaigh trasna ó theach Mhicí John. Glacadh leis gur curtha san áit seo a bhí colainn fir nach raibh cloigeann ar bith air. Cé acu sin mar a bhí nó nárbh ea sin mar a tugadh é le tuiscint dúinne. Maidir le cá as a tháinig an corp seo ‘ sé an scéal a chuaigh leis ná gur fear a chuaigh amach ag sleamhnú ar an Loch Mór le linn de a bheith faoi chlúdach oidhreoige agus gur bhris an oighreog faoina chosa,cailleadh é faoin oighreog agus bádh é. Cha dtángthas ar an chorp go dtí gur bhisigh an aimsir agus gur leáigh an oighreog agus nuair a fuarthas an cholainn cha raibh cloigeann ar bith air. Bhí an oighreog, de réir cosúlachta, chomh tiubh agus chomh géar sin nuair a bhris sí, gur baineadh an cloigeannn den fhear. Níl fhios agam an bhfuil fírinne ar bith sa scéal seo nó an scéal é a h - insíodh do pháistí lena gcoinneáil ar shiúl ón Loch Mór. Fíor nó bréagach an scéal caithfear admháil gur aisteach an t - ainm é agus go gcaithfí go raibh údár éigin leis an ainm. Níl fhios agam an bhfuil gaol ar bith idir an ‘ Murder Hole ’ agus ‘ Colainn gan Cheann ’. John Mór ( Mac Giolla Bhríde). Ag dul siar go dtí deireadh an ochtú céad déag (1770 — 1800) bhí Éamonn Mac Giolla Bhríde ina chónaí tigh Mhicí John agus i measc na clainne a bhí aige bhí mac a raibh John Mór air. Phós John Mór bean as Cnoc na Marbh a raibh Máire ‘ Ac An Hostel (Tra na Rossan House)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3