Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 12 Fhionnlaoich uirthi agus bhí seisear clainne acu – Micí (1852), Annie, Muiris, Hughie (1864), James (1859) agus Sarah ( 1858). Bhí Sarah ( Sally) pósta le Séamus Mór Ó Luodhóg as Dún Dubháin. Ba seo an dara bean a bhí ag Séamus Mór. Fuair Hughie bás nuair a bhí sé ocht mbliana déag agus Annie (Nancy) nuair a bhí sí dhaichead. Micí John. Bhí Micí ar an duine ba sine i gclann John Mór agus b ’ í Kate Nic a ’ tSaoir as Baile na Deora an chéad bhean a phós sé ach fuair sí bás ag tabhairt a céad duine clainne ‘ un tsaoil, ba sin Máire (1884). Phós Máire John Ó Siadhail ( John Nóra) as Dún Dubháin. Ba Neilí Eoin Dhónail ( Nic Giolla Bhríde), as Gort na Luchóg, an dara bean a phós sé agus bhí difríocht mhór aoise eatorra, dhá bhliain agus fiche. Pósadh iad sa bhliain 1891 agus bhí cúig cloigne déag de chlann acu ach char mhair beo ach deichniúr acu. Garraídóir agus feirmeoir a bhí in Micí John agus chaith sé páirt mhaith dá shaol ag obair sa gharraí ag Lady Philmore, ag an teach sin a dtabharann muid an ‘ Hostel ’ air inniu. Fuair Micí John bás i 1926 agus é ceithre bliana déag agus na trí scór. Neilí Eoin Dhónail. Bhí Eoin Dhónail, athair Neilí Eoin Dhónail, pósta ar Shorcha Nic Suibhne as an Raplach. Pósadh iad sa bhliain 1867, cha raibh Eoin ach naoi mbliana déag agus Sorcha seacht mbliana déag nuair a pósadh iad. I ndiaidh don Tiarna Liatroma bunadh Eoin Dhónail a dhíshealbhú (evict) d ’ imigh Eoin Dhónail agus Sorcha go Meiriceá. Rinne báilithe Liatroma an teach a dhódh lena chinntiú nach dtéadh duine ar bith a chónaí ann arís. Rinne Eoin Dhónail agus a bhean Sorcha cónaí i Philadelphia áit ar rugadh a gclann, Neilí, Bríd agus Máire.Tá siad le fáil i ndaonáireamh Philadelphia don bhliain 1880. Rugadh Neilí timpeall 1874, Bríd 1875 agus Máire 1877. Is cosúil go dtáinig siad ‘ na bhaile an bhliain ina dhiaidh sin mar go raibh Neilí ocht Neilí Eoin Dhónail
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3