Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 13 mbliana d ’ aois nuair a tháinig sí go hÉirinn. Pósadh Bríd sa bhliain 1893 ar Hughie Mac Allister as Glinsk agus pósadh Máire ar Fardy Mac Giolla Bhríde as Dún Dubháin sa bhliain 1896. Micí John Mac Giolla Bhríde agus Neilí Eoin. Mar a dúirt mé rugadh cúig cloigne déag de chlann do Mhicí John agus do Neilí Eoin, dhá set cúplaí ina measc ach fuair cúigear dá gclann bás ina leanaí. Ina measc siúd a fuair bás bhí cúpla agus leathchúpla a fuair bás go luath i ndiaidh a theacht un tsaoil. Fuair beirt de na páistí, Fenny agus Joseph bás nuair a bhí siad ceithre bliana d ’ aois.As an deichniúr clainne a bhí beo cha raibh ach an t - aon ghasúr amháin ann, ba sin an leathchúpla Eoin. Is dócha go raibh Neilí Eoin imníoch go maith nuair a rugadh an dara set cúplaí sa bhliain 1905 os rud é go bhfuair an chéad set cúplaí bás traidhfil blianta roimhe sin go luath i ndiaidh dóibh a theacht ‘ un tsaoil. Bhí an t - ábhar aici a bheith imníoch mar go bhfuair leathchúpla bás an iarraidh seo fosta, go luath i ndiaidh a theacht ‘ un tsaoil. Cha raibh an mhuintir a bhí ag tabhairt cúraim di ag iarrraidh an drochscéala a thabhairt di go dtí go mbeadh sí ábalta fána choinne. Mar sin de nuair a d ’ iarr sí an cúpla a fheiceáil tugadh isteach leanbh amháin ag an am ach ba Eoin a tugadh isteach an dá iarraidh. Bean chiúin chráifeach a bhí i Neilí Eoin a d ’ oibrigh go cruaidh agus a choinnigh aici fhéin. Fuair sí bás i mí Eanáir na bliana 1961 agus í seacht mbliana thar na ceithre scór. An Hostel. Ba sa Hostel a d ’ oibrigh Micí John mar gharraíodóir. Bean uasal a raibh Lady Philmore uirthi a thóg an teach saoire seo di fhéin agus Tranarossan House a bhí mar ainm aici air. Ba é Sir Edwin Lutyens a dhearaigh an teach di. Bhí Ballóga Theach Eoin Dhónail i nGort na Luchóg An Chrois ag Tráigh na Rossan

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3