Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 14 an fear seo ina ailtire ag Impireacht na Breatainne agus bhí an - cháil air. Bean chineálta a bhí inti a thuig cruatan agus anás na ndaoine. Ba í a thóg an chrois i dTrá na Rossan fosta mar gur mheas sí go dtiocfadh le daoine Dia a adhradh ansin le linn tréimhsí drochaimsire agus nach mbeadh orthu siúl go Teach Pobail Charraig Airt. Ach rinne na daoine neamhaird don ghníomh carthannach seo.Nuair nach raibh úsáid ar bith don teach a thuilleadh thug sí é don Óige i lár na dtriochaidí. An Chlann. Sally : Rugadh Sally sa bhliain 1892. Bhí sí pósta le Pat Gallagher i Mín a Lábáin. Feirmeoir a bhí in Pat agus chaith Sally a saol ag cuidiú leis ar an fheirm in Sacar in aice le Mín a ’ Labáin. Triúr de chlann a bhí acu, Willie agus an cúpla Danny agus Micheal Joseph. Mar a tharla go minic san am atá caite tugadh Micheal Joseph go Gort na Luchóg, áit ar thóg Neilí Eoin, a mháthair mhór, é. Ba seo le faoiseamh a thabhairt dá mháthair, dar ndóigh cha raibh an tacaíocht chéanna na an treallamh céanna ann sa am sin agus tú i mbun tógáil clainne, go háirithe dá mbeadh cúpla agat. Fuair an leathchúpla Danny, a bhí ina sháirsint sna gardaí ar an Charraig i nGleann Cholm Cille, bás le hailse sa bhliain 1979 agus gan é ach na trí bliana ós cionn an leathchéad. Fuair a dheartháir eile Willie bás traidhfil blianta ós shin. Fuair a mháthair Sally bás sa bhliain 1968. Bríd : Rugadh Bríd sa bhliain 1893. Pósadh í ar Daniel Mc Connelogue, feirmeoir as Mín a Lábáin. D ’ oibrigh Bríd í fhéin go cruaidh ar an fheirm, áit a raibh ainmhithe agus muca a gcothú acu agus chomh maith le sin reáchtáil Bríd siopa beag ón tigh. Bhí an fheirm seo cóngarach don áit a raibh a deirfiúr Sally ina cónaí in aice le Mín a ’ Lábáin. Bhí ceathrar clainne ag Bríd agus Daniel: Máire, Josephine, Ellen Ann agus Susanne. Bhí a sáith de bhuaireamh an tsaoil acu fosta mar go bhfuair Josephine bás ina tachrán trí bliana d ’ aois agus cha raibh Susanne ach seacht mbliana déag nuair a fuair sise bás sa bhliain 1947. Fuair Bríd í fhéin bás an bhliain chéanna agus gan í ach na ceithre bliana thar an leathchéad. Sally Mhící John
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3