Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 15 Annie: Rugadh Annie sa bhliain 1896. Gúnadóir (dressmaker) a bhí in Annie agus phós sí Paidí Mhicí Bán (Ó Gallchóir), siúinéir as Cluain tSaileach. Chaith siad tréimhse de bhlianta in Albain sular phill siad ar an bhaile. Thóg siad teach úr i mBaile Raithin i Leitir Ceanainn sna caogadaí ach ar an drochuair chan fhuair Paidí an deis na blianta deireanacha a chaitheamh ar a sháimhín só sa teach úr. Fuair sé bás i mí na Nollag 1965 agus gan é ach na ceithre bliana is trí fichid. Bhí triúr clainne ag Paidí agus Annie, Gerard, Annemarie agus Eileen ach fuair Gerard agus Annemarie bás ina dtachráin. Tá Eileen pósta i Leitir Ceanainn ar Charlie Mac Fhionnlaoich. Fuair Annie bás sa bhliain 1976 agus í ceithre fichid bliain. Ellen: Rugadh Ellen sa bhliain 1897. Chaith sí tréimhse i Meiriceá ach cha raibh mórán taitnimh aici dó agus tháinig sí na bhaile áit ar phós sí Neidí Mhící Dhonchaidh ( Ó Gallchlóir) agus chaith siad a saol ar an Chloich Bháin. Bhí talamh ag Neidí ar an Mheall Mhór agus rinne sé ainmhithe a chothú ansin ar feadh na mblianta. Bhí beirt chlainne acu, Paidí a fuair bás níos luaithe i mbliana agus Máire a bhfuil a saol caite aici i Chicago. Bhí aithne mhaith ar Phaidí fán cheantar mar gur chaith sé neart blianta ag Óstán Ros na Binne ag tabhairt ceachtanna gailf. Chaith sé tréimhsí fada i Chicago agua i nGlaschú fosta. Fuair Neidí bás sa bhliain 1975 agus é trí bliana agus na ceithre scór ach thug Ellen saol fada léithe agus bhí sí cúig bliana déag agus na ceithre scór nuair a fuair sí bás sa bhliain 1992. Bean ghealgháireach chroíúil a bhí in Ellen agus í lán grinn. Kate: : Rugadh Kate sa bhliain 1901. Cláiríneach a bhí inti a bhí faoi mhíchumas le linn a saoil. Ach char chuir sin isteach go rómhór ar a Annie Ellen Kate
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3