Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 16 pearsantacht mar gur bhean lách ghealgháireach a bhí inti, bean a rinne a bheag dá míchumas agus na deacrachtaí a bhain leis, bean a bhí ábalta greann a fheiceáil sa saol timpeall uirthi. Ach an rud ba thábhachtaí ina saol ná a creideamh i nDia agus bhí doimhneacht ag baint le seo. Cé go raibh deacrachtaí aici maidir le siúl de mar go raibh cos amháin níos giorra ná an ceann eile char chuir seo bac ar bith uirthi nuair a bhí a gaol le Dia i gceist. Rinne sí an chéad Aoine go rialta ar feadh na mblianta. B ’ iomaí maidin Aoine, i ndúlaíochta an Gheimhridh, a d ’ fhágadh sí Gort na Luchóg ag a cúig a chlog ar maidin agus é dubh dorcha agus shiúladh sí an bealach ar fad go Teach Pobail Charraig Airt. Nuair a bhiodh misean sa pharóiste shiúladh sí chuig an Aifreann ar maidin agus ansin tráthnóna shiúladh sí go Teach a ’ Phobail arís le haghaidh searmanas an tsagairt. Bhí doimhneacht agus díogras thar an gnách ina creideamh. Cha raibh Kate pósta agus fuair sí bás i Mí Márta 1972. Eoin: Rugadh Eoin sa bhliain 1906. Leathchúpla a bhí ann. Fuair an leathchúpla eile bás go luath i ndiaidh a theacht ‘ un tsaoil.Chaith Eoin a shaol ar an fheirm agus bhí a chroí ina chuid stoc agus a chuid caorach. Bhí colceathair ag muintir Mhicí John arbh léithe Teach Bhella (an Síbín Ceoil anois) agus ba sin Sorcha Sweeney. D ’ fhiafraigh sí d ’ Eoin an mbeadh an teaghlach i nGort na Luchóg sásta amharc ina diaidh dá bhfágfadh sí an teach leanna acu. Chuaigh Sorcha Sweeney go Gort na Luchóg i 1950 agus char fhág sí an leaba na deich mbliana a chaith sí ansin.Fuair sí bás i 1960. D ’ amharc Eoin i ndiaidh Teach Bhella cé nach raibh sé i gcónaí foscailte aige. Dhíol sé é le Bernard Mac Fhloinsigh sna seascaidí. Cha raibh Eoin pósta, fear cráifeach a bhí in Eoin a bhí cóngarach don nádúr. Madgie.: Rugadh Madgie sa bhliain 1907. D ’ imigh sí go Meiriceá go luath ina saol áit ar phós sí Hughie Grant as Fánaid. Chuir siad futhú i Philadelphia. Chaith sí tréimhse sa bhaile lena clann i ndiaidh an chogaidh, sin ón bhliain 1946 go 1948. Bhain an chlann taitneamh iontach as an tréimhse a chaith siad i nGort na Luchóg agus le linn dóibh a bheith anseo ar laethanta saoire Eoin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3