Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 17 sna blianta atá imithe rinne siad tagairt go rialta de na laethanta a chaith siad ar scoil Mhíobhaigh, go háirithe na táblaí a d ’ fhoghlaim siad agus an Teagasc Críostaí. Seisear clainne a bhí ag Madgie agus Hughie: beirt ghasúr Sony agus James agus ceathrar girseach, Máire, Peigí, Ellen Ann agus Mona. Fuair Madgie bás sa bhliain 1979. Winnie. Rugadh Winnie sa bhliain 1910. Chaith Winnie tréimhse i Me- iriceá fosta ach char fhan sí ansin rófhada. Phós sí Seán Ó Luodhóg ( Johnny Shéamais) as Dún Dub- háin agus bhí ochtar clainne acu ach fuair James, leathchúpla Eoin, bás ag ocht mbliana. Sa bhliain 1956 d ’ aistrigh siad as Dún Dubháin go Leargán Riach. Bhí Johnny, mar a bhí a shinsear roimhe ina phíolóta ar an an Mhaol Ruadh. D ’ oibrigh Winnie in Óstán Ros na Binne ar feadh blianta fada. Ochtar clainne a bhí ag Winnie agus Johnny, seisear gasúr, Micí, Padaí, Eoin, James ( fuair sé bás ag ocht mbliana), Hughie agus Séamas agus beirt ghirseach, Susie agus Máire. Fuair Johnny bás sa bhliain 1983. Sa bhliain 1989 a fuair Winnie bás agus í bliain óna ceithre fichid. Bean charthannach, fhlaithiúil a bhí inti. Maggie. Rugadh Maggie sa bhliain 1912. D ’ fhan Maggie fá bhaile agus char bhuair sí aghaidh a thabhairt ar Albain ná ar Mheiriceá. Maidin Domhnaigh amháin agus í ag dul ‘ un Aifrinn i gCarraig Airt thit sí dá rothar ar Mhallaigh ‘ n Fhraoich agus gortaíodh go holc í. Tugadh í go dtí otharlann Leitir Ceanainn áit ar chaith sÍ tréimhse faoi chúram na ndochtúirí ansin ach de réir cosúlachta chan mórán a bhíothas ábalta a dhéanamh díthe, bhí sí briste, brúite agus furmhór a cuid easnacha briste. Is Madgie Winnie Maggie
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3