Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 18 dócha i saol an lae inniu go bhféadfaí a cuid gortaithe a chneasú de réir a chéíle ach ba saol eile a bhí ann sna blianta sin maidir le cúrsaí leighis de. I ndiaidh di an otharlann a fhágáil chaith sí tréimhse ag a deirfiúr Sally i Mín a ’ Lábáin ag súil is go dtiocfadh sí chuici fhéin. Ach ar an drochuair cha raibh biseach i ndán díthe agus ina dhiaidh sin tugadh í ‘ na bhaile go Gort na Luchóg. D ’ fhulaing sí go mór agus í ar leaba ‘ n bháis agus bhí a cuid uailleacha pianmhara le cluinstin ar fud an bhaile. Ba seo 1936 agus fuair Maggie bás ag ceithre bliana is fiche. Cha raibh sí pósta. Fina: Rugadh Fina, an duine ab óige den chlann, in Eanair na bliana 1914. Chuaigh sí go hAlbain go luath sna triochaidí agus ba sa chathair sin a phós sí Donchadh Hughie Den (Mac Laifeartaigh) as Dumhaigh. Phill siad ar an bhaile lena gclann a thógáil agus bhí teach ar cíos acu sna Dúnaibh go dtí go bhfuair si- ad teach i gCeann ‘ a Leargaí sa bhliain 1948. Chaith Donchadh furmhór a chuid ama ag iascaireacht lena athair Hughie Den. Bhí an iascaireacht iontach séasúrach san am sin agus iascaireacht scadán agus bradán ba mhó a bhí siad ag déanamh. I ndiaidh dá athair bás a fháil sa bhliain 1956 d ’ imigh Donchadh a ’ iascaireacht sna Cealla Beaga ar bhád Georgie Buchan. Cailleadh an bád agus cúigear iascaire, Donchadh ina measc, i nDún Mór Thoir ar an 10 Feabhra sa bhliain 1958. Bhí sé sé bliana agus daichead, chan fhuarthas a chorp ariamh. Fuair Fina bás i mí na Bealtaine 2002, bhí sí ocht mbliana agus ceithre fichid. Ó Mhín a’ Lábáin go Gort na Luchóg . Mar a luaigh mé roimhe seo bhí cúpla ag Sally, an iníon ba sine a bhí ag Neilí Eoin agus Micí John, beirt ghasúr, Micheal Joseph agus Danny. Bhí Sally ina cónaí in aice le Mín a ’ Lábáin agus nuair a bhí an cúpla an - óg socraíodh go gcuirfí gasúr amháin acu chuig an mháthair mhór i nGort na Luchóg, rud a Fina

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3