Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 19 rinneadh, agus b ’ é Micheal Joseph a tháinig go Gort na Luchóg. Ba ansin a tógadh é agus rinne a mháthair mhór agus na h - aintíní uilig a bhí thart air cinnte, agus é ag dul i méadaíocht, gur ansin a milleadh é fosta! D ’ inseodh sé fhéin duit go dtáinig sé as Mín a ’ Lábain go Gort na Luchóg istigh i gcliabh asail agus mála úllaí sa chliabh eile ach níl mé róchinnte an bhfuil an scéal sin fíor! Is cinnte gur thuig sé fhéin agus é ag dul ‘ un aois go raibh saol an mhadaidh bháin aige tigh Mhicí John. Bheadh fhios aige seo nuair a d ’ fheicfeadh sé an cineál saoirse a bhí aigesean i gcomparáid leis an saol a bhí ag na páistí óga eile a bhí ar chomhaois leis. Sin an tuige a rachadh sé i bhfolach i gcónaí nuair a chífeadh sé a mháthair ag tarraingt ar tigh Mhicí John ar cuairt. Bhí an – eagla air ansin go dtabharfadh sí é ar ais go Mín a ’ Lábáin. A Óige i nGort na Luchóg. Is cinnte gur thaitin an saol a bhí aige ina óige go mór leis agus tá neart eachtraí agus imeachtaí a bhain de a bhfuil cuimhne shoiléir aige orthu go fóill. Cha chaitheann Micheal Joseph toitíní ar bith sa lá atá inniu ann ach bhí sé ag dul daofa luath go leor ina shaol. Ba ghnách le vaein Mhic Nutt a theacht thart ar na bailte fearainn le grósaeraí le linn na mblianta sin. Nuair a bhíodh a mháthair mhór amuigh ag an vaein fá choinne grósaeraí ba ghnách leis scairteadh léithe, ‘ Ná dean dearmad ar mo chuid Micheal Joseph ar chúl an churaigh - B ’ fhéidir go raibh said ag dul ‘ un Aifrinn i nDumhach Mór Teach Chití Bhony
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3