Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 20 Woodbines ’ agus cheannódh sí cúpla Woodbine dó. Bhí sé thart fá naoi mbliana fán am seo.Bhí comharsan béal dorais agus fear muinteartha dó, Paidí Eoin, ar shiúl ag an ghuttáil bliain amháin agus nuair a tháinig sé ‘ na bhaile dúirt sé le Micheal, ‘ Ta bronntanas agam duit ’. Shín sé bosca chuige agus nuair a d ’ oscail Micheal an bosca cad é a bhí istigh ann ach píopa álainn, tobac agus scian.! Airneál, Imirt Chártaí agus Cleasaíocht. Ba thart fán aois seo, naoi mbliana, a thosaigh sé a dhul amach go tithe na gcomharsan, áit a mbíodh siad ag imirt chártaí, ag inseacht scéalta nó ag cleasaíocht. Cha raibh teach Chití Bhony ach ar an taobh eile den chlaí uafa agus chaith sé cuid mhaith d ’ oícheanta a óige fá theach Chití. Deirfiúr do Nead Phaidí, a gcomharsa béal dorais,a bhí i gCití agus bhí siad muinteartha de mhuintir Mhicí John. D ’ fhoghlaim sé an dóigh le cártaí a imirt tré bheith ina shuí ag amharc ar chuid de na saineolaithe ag imirt. Cúig fichid an cluiche ba choitianta agus ba ghnách a bheith ag imirt chártaí do dhuaiseanna macasamhail cearca, turcaithe, ( ag an Nollaig), bróga agus a leithéidí sin. Is cuimhin leis gur cuireadh asal amach ar na cártaí am amháin ach gur caitheadh an Geimhreadh ag imirt don asal.Cibé duine a bhainfeadh an t - asal chuirfeadh seisean é amach ar na cártaí arís agus lean sé ar aghaidh mar sin ar feadh an Gheimhridh. Nuair a bhíodh an cúig fichid thart ba ghnách leo Brag a imirt – Brag trí chárta agus bhí airgead i gceist anseo. Mheas sé nach raibh sa chúig fichid ach leithscéal sa dóigh go n - imreofaí Brag ina dhi- aidh. Ba ghnách le daoine cuid mhaith sola a imirt fosta. Ba ghnách leis a dhul síos ‘ na Mhill Mhóir fosta, tigh Bhiddy Marley agus tigh Bhrógáin, ag amharc orthu ag imirt. Bhí iníon le Cití Bhony, girseach a raibh Bríd uirthi abhus tigh Mhicí John oíche amháin agus cha raibh sa teach ach Miché al agus a mháthair mhór, Neilí Eoin. D ’ éirigh Neilí lag ar chúis éigin agus shocraigh sí go rachadh sí a luí. Chuidigh Micheal Joseph agus Bríd léithe a dhul suas na staighrí ach ag barr na staighrí thit sí i laige. Rith Bríd le heagla mar gur shíl sí go raibh Neilí Eoin marbh agus isteach leí go tigh a huncail Nead Phaidí. Cha raibh duine ar bith istigh tigh Nead ach Nead é fhéin agus é ar a ghlúine ag rá an phaidrín. ‘ Nach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3