Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 21 deas thusa ’ arsa Bríd leis ‘ Tú abhus anseo agus Neilí Eoin ina luí marbh ’. Tháinig Neilí chuici fhéin dar ndóigh, i ndiaidh do Bhríd imeacht, agus chuaigh sí a luí. Cha raibh sé i bfhad ina dhiaidh sin go dtáinig Eoin ‘ na bhaile agus cha mhó ná go raibh sé istigh sa teach nuair a bualadh cnag ar an doras. Chuaigh Eoin amach agus bhí Nead Phaidí ag an doras. Bhain sé de a bhairéad, shín sé amach a lámh agus ar seisean le Eoin, ‘ Dhia Eoin tá mé creathnach buartha fá do mháthair ’, ‘ Cad chuige ’ arsa Eoin. ‘ Nach bhfuil sí marbh ’? arsa Nead. Thosaigh Eoin a gháirí. ‘ Bhuel scrios Dé ar na boic óga sin ’ arsa Nead. Pitcheáil. Ceann de na cluichí eile ar ghnách le Micheal suim mhór a bheith aige ann ná an pitcheáil.Bhí airgead i gceist anseo dar ndóigh. Ba ghnách leo a bheith ag imirt i nGort na Luchóg thart fán áit a bhfuil teach John Nead anois in aice leis an bhealach mhór. Ba ghnách le daoine níos sine a bheith ag imirt fosta. Is cuimhin leis a leithéidí Jameas Antoin a ’ Dochartaigh, Nead Ghallchóir, cuid de chlann Uí Chuilinn, Frank ‘ ac Aodha, Micí Phadaí Éamoinn ( Mac Giolla Bhríde), agus a dheartháir Nead Phadaí agus daoine eile fosta ó am go chéile a bheith ag imirt agus dar ndóigh is- tigh ina measc bhíodh Micheal Joseph. Ba ghnách le argóintí agus achrann go leor a bheith anseo fosta. Bhí dealbh (statue) den ‘ Child of Prague ’ ag a aintín Kate ar an tábla sa seomra suí agus bhí sé do ghnás aici ar chúis éigin sé pingine a fhágáil faoin dealbh. Go minic agus é ag pitcheáil rithfeadh sé amach as airgead, ritheadh sé ‘ na bhaile agus thógadh sé na sé pingine a bhí faoin dealbh ag Kate. Char dhúirt Kate a dhath leis faoi ariamh agus nuair a d ’ amharfadh sé faoin dealbh cúpla lá ina dhiaidh sin bheadh sé pingine eile ansin. Níl fhios agam ar chuir an ‘ Child of Prague ’ ádh ar bith air agus é ag úsáid na sé pingine sin ag na cártaí nó ag an phitcheáil ach bhí a bhanc príomhaideach Child of Prague

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3