Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 22 fhéin aige! Lá Spóirt I dTráigh a’ Locha. Domhnach amháin le linn an tSamhraidh nuair a bhí sé naoi nó deich de bhlianta d ’ aois d ’ imigh sé fhéin agus Paidí Nead anonn go Tráigh a ’ Locha le Micheal Joseph Bhiddy Marley ( Ó Gallchóir) agus le Micí Bhurns ( Mac Giolla Bhríde). D ’ imigh siad anonn ar churach go tráigh Dhumhach Mór agus shiúil siad as sin go Tráigh a ’ Locha agus is cinnte gur siúl fada go leor a bhí ansin. Nuair a bhí an lá spóirt thart bhain siad na bonnaí as ag siúl, ag tarraingt ar ais ar thráigh Dhumhach Mór. Ach ansin bhuail ocras iad, is dócha nach raibh ach an beagán le hithe acu i rith an lae. Nuair a thánig siad a fhad leis an ‘ Tinpot Row ’ bhí té a dhéanamh ansin. Nuair a chuir siad a gcuid pingeacha le chéile cha raibh acu ach luach an aráin. Labhair Micheal Joseph Bhiddy Marley le Fear a ’ Tí agus ar seisean leis: ‘ Tá muid abhus anseo as Ros Goill agus cad é a thiocfadh leat a dhéanamh dúinn ar dhá scilling ’ Mar a bheifeá ag súil leis tháinig flaithiúlacht Fhánada chun tosaigh, dúradh leofa a theacht isteach agus a sáith a bheith acu le hithe agus nach mbeadh bunadh Ros Goill ag fágáil ceantar Fhánada agus a ngoile ar a ndroim. Nuair a bhí a sáith ite acu bhuail siad bóthar arís ach dheamhan mórán den bhealach a bhí siúlta acu gur tugadh eolas dófa go raibh ‘ Convoy ’ le bheith tigh Phaidí Dhónail i nDumhach Mór an oíche sin. Socraíodh nach dtiocfaí an deis seo a scaoileadh tharstu. Bhí neart le hithe agus le hól ag an ‘ Chonvoy ’ agus bhí neart spraoi agus spórt ag Micheal Joseph agus Paidí Ned ach is beag tuisceana a bhí acu don chrá croí agus don imní mhór a bhí fá thithe Ghort na Luchóg. Cha deachaigh duine ar bith a luí, dar ndóigh, mar gur shíl siad a raibh sa churach a bheith báite. Ach thall i bhFánaid ba scéal eile a bhí ann agus char bhris an ‘ Convoy ’ suas go raibh an mhaidin ann agus anall leofa ansin ar an churach. B ’ iontach an faoiseamh agus an lúchair a bhí ann ar thaobh Ros Goill go raibh achan duine slán sábháilte. Char dúradh rud ar bith le Micheal Joseph sa teach agus cha raibh aige a dhul ‘ na scoile an lá sin ! An Hut.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3