Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 23 Ba ghnách leis ruaig a thabhairt suas go dtí an hut ar Chnoc Ghort na Luchóg cuid mhaith lae- thanta i ndiaidh am scoile. Lean an coimhead ar aghaidh thuas sa hut na ceithre uaire fichid, i sealanna ocht n - uaire. Ba ghnách leis a dhul suas go minic i ndiaidh am scoile agus chuir sé aithne mhaith,de réir a chéile, ar na fir a bhí ag faire: John Rua Phádraig Den (Mac Laifeartaigh) as Dumhaigh, beirt de mhuintir Mhícheáil, sin clann Mhic Pháidín as Dumhaigh, Mánas Eoin ( Mac Giolla Chearra) as Dumhaigh, duine de mhuintir Neaty Nellie as Doire a ’ Chasáin, Eoin Eoin Mhór ( Mac Giolla Chearra) as an Ard Bhán, Micí Nead Ruaidhrí ( Ó Gallchóir), Doire a ’ Chasáin, Charlie Willie Fhearghail, ( Mac Pháidín) as na Dúnaibh, Micí Sophie Mac Giolla Bhríde as na Dúnaibh agus Antoin Duffy as Ros na Binne. Ba sin an Eoin Eoin Mhór a chuaigh ar iarraidh i lár na seascaidí agus nach bhfuarthas tásc ná tuairisc air ariamh ina dhiaidh sin, agus dár ndóigh ba sin an Micí Sophie, athair Antoin a raibh an teach tabhairne aige sna Dúnaibh, ‘ Tramore House ’. Bhí Telescope thar a bheith láidir agus cumhachtach sa teach faire agus d ’ fheicfeá longa móra amuigh ag íor na spéire. Ba seo an treo a mbíodh na longa móra ag dul agus iad ar a mbealach go Meiriceá nó go Ceanada. Dá mbeadh fear inteacht ag dul go Meiriceá a mbeadh aithne agat air bhí an gloinne chomh láidir sin go bpiocfá amach é ar an long dá mbeadh sé amuigh ar an deic. Níor chuimhin leis go bhfaca siad rud ar bith as an ghnách ariamh An Hut ar Chnoc Ghort na Luchóg
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3