Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 24 amuigh ar an fharraige le linn an chogaidh. Ag an Hut le Jack. Le linn an chogaidh (1940/41) bhí s é fhéin agus Maggie Mhandy ( Ní Ghall- chóir) ag ullmhú do scrúdú scoláireachta na Gaeltachta. Ba ghnách le Jack ( Mac Pháidín) a bhí ag teagasc i Scoil Mhíobhaigh fán am seo a theacht ‘ na scoile ar an Sathairn agus uair nó dhó breise a dhéanamh le Mícheál agus le Maggie. De ghnách nuair a bhíodh an rang críochnaithe aige d ’ imeodh sé amach go dtí an teach faire. Gluaisrothar a bhí ag Jack san am sin agus ba ghnách leis síob a thabhairt do Mhicheal go Gort na Luchóg. D ’ fhiafraigh sé do Mhicheal an lá seo an raibh sé thuas ag an teach faire ariamh agus arsa Micheal leis ‘ Ó cha raibh níl cead a dhul chóir an hut sin ’. Char inis sé an fhírinne dar ndóigh mar dá n - inseodh, bheadh fhios ag Jack gur ag caitheamh a chuid ama ar an chnoc a bhí sé in áit a bheith ag déanamh a chuid oibre don scrúdú. ‘ Bhuel ’ arsa Jack leis, ‘ Siúl thusa suas liomsa anois agus gheobhaidh tú isteach ’. D ’ imigh an bheirt acu ag tarraingt ar an bharr agus nuair a shroich siad an ‘ hut ’ cuireadh fáilte mhór rompu. Dar ndóigh bhí An Campa ar an Mheall Mhór

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3