Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 25 sé soiléir ón chaidreamh a bhí acu le Micheal Joseph go raibh aithne mhaith acu air agus nach seo an chéad uair a bhí sé ansin ach char dhúirt Jack rud ar bith leis faoi. Ag Tarraingt Mhóna. Cé gur bhain Micheal sásamh agus sult mór as an saoirse a bhí aige le linn a óige i nGort na Luchóg chan ionann sin agus a rá nach raibh timireachtaí le dé- anamh aige i ndiaidh dó a theacht na bhaile ón scoil. Bhí ba le tabhairt isteach, móin le tabhairt isteach agus ansin ag brath ar an tséasúr bhí prátaí le cur agus le cruinniú agus go leor obair shéasúrach eile. Go minic nuair a thiocfadh sé na bhaile ón scoil bheadh air na cléibh a chur ar chúpla asal agus a dhul síos ‘ na Mhill Mhóir le móin a thabhairt ‘ na bhaile.Bhí an mhóin nó na trioplóga ag muintir Mhicí John amuigh ag an Champa. Nuair a bhíodh na laethanta goirid bheadh sé ag teacht ‘ na bhaile corruair le coineascar agus char thaitin seo leis mar go mbíodh eagla air sa dorchadas. Cha raibh cuid mhóna Dinis a ’ Dochartaigh comh fada isteach ar an Champa le cuid mhóna Mhicí John agus de thairbhe sin thosaigh Micheal Joseph ag tógáil móin Dinis agus sa dóigh sin bheadh sé sa bhaile sula dtitfeadh an dorchadas. Ach is cosúil go bhfuair Dinis amach cad é bhí ag tarlú agus labhair sé le Eoin, Tráigh Dhumhach Mór trasna ó Ghort na Luchóg

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3