Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 26 uncail Mhicheal. Cha raibh Dinis ar dhóigh ar bith feargach faoi seo ach tugadh an scéala do Mhicheal J. nach dtiocfadh leis seo a dhéanamh. Aifreann i nDumhach Mór . Bhí am ann sna blianta sin ar ghnách le bunadh Ghort na Luchóg agus Dhún Dúbháin a dhul ‘ un Aifrinn i nDumhach Mór thall i bhFánaid. B ’ as Dumhach Mór an Canónach Mac Giolla Chearra agus chaitheadh sé an chuid ba mhó den Samhradh ar saoire ansin. Fear léannta a bhí sa chanónach a raibh cúpla lea- bhar scríofa aige, an ceann ba mhó cáil acu sin ná ‘ Ceacht as Leabhar na Cruinne ’. Bhí sé ina shéiplíneach ag na saighdiúirí le linn an Chéad Chogaidh fos- ta agus labhair sé agus scríobh sé faoin slad agus faoin uafás a chonaic sé sna trinsí. Nuair a bhí Micheal Joseph ina mhac léinn i gColáiste Naomh Ad- hamhnáin bhí an Canónach Mac Giolla Chearra ina Uachtarán ar an Choláiste agus bhí an - mheas ag Micheal Joseph air ach dar ndóigh bhí aithne acu ar a chéile ón am a théadh sé ar Aifreann ina theach i nDumhach Mór. Anonn go tráigh Dhumhach Mór a théadh na curacha agus iad lán le daoine idir óg agus aosta. Bhíodh an oiread sin acu sna curacha go mbíodh orthu seasacht mar nach raibh áit suí ann daofa. Shiúladh siad ón tráigh suas go teach a ’ tsagairt áit Micheal Joseph & Caitlín ag ceiliúradh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3