Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 27 a mbíodh an tAifreann. Bhí Tobar Beannaithe thall ansin fosta agus ba ghnách cuairt a thabhairt ar an tobar seo fosta. Bhéarann Micheal ruaig anonn go Fánaid, go háirithe go Dumha Mór anois agus arís le súil a chaitheamh thart ar na háiteacha ar chuir sé aithne orthu le linn a óige agus deireann sé cúpla paidir i gcónaí ag an tobar beannaithe seo. Slán lena Óige. D ’ éirigh le Micheal J scoláireacht Gaeltachta a fháil, ba seo sa bhliain 1941 agus i Mí Meán Fómhair na bliana sin d ’ fhág sé slán ag saol agus saoirse na hóige agus thug sé aghaidh ar Choláiste Éinde i nGaillimh. Glaschú Thug Micheal Joseph aghaidh ar Ghlaschú go luath ina shaol, cathair ina raibh neart daoine as an Chontae seo. Bhí saol breá aige ansin áit ar chas sé lena bhean chéile Caitlín Ní Dhochartaigh, gurb as Bun Crancha dá hathair agus ba as Irvinestown a máthair. Pósadh é i nGlaschú ar an ochtú lá fichid de Mheán Fómhair 1952. Bhí seisear clainne acu, ceathrar mac—Brian, Pól, Micheál agus Seán, agus beirt iníonach—Máirín agus Caitlín. Thug Caitlín an chlann go Gort na Luchóg achan bhliain fá choinne saoire an tSamhraidh, baile as baile a bhí ann don teaghlach. Thosaigh an comhlacht lena raibh Micheal Joseph ag obair ar chonradh mór i Barnsley i Yorkshire sna sea- scaidí agus d ’ aistrigh an teaghlach go Barnsley. D ’ aistrigh siad go hÉirinn ag tús na seachtóidí agus bhí post ag Micheal i Luimneach agus ina dhiaidh sin i nGaoth Dobhair agus sna Dúnaibh. Ar an drochuair, i ndiaidh cúig bliana agus trí fichid a chaitheamh le chéile fuair a bhean Caitlín bás i mbliana. Bean uasal a bhí inti - dílis, ionraice, geal- gháireach, bean a raibh pearsantacht láidir aici. Tá Micheal i mbarr a shláínte i nGort na Luchóg i gcónaí agus é an bhliain déag agus ceithre fichid. Tá intinn láidir shoiléir aige i gcónaí, é lán de scéalta agus de sheanchas agus is cuideachta iontach atá ann. Gura fada a mhairfeas sé mar sin agus go bhfeicfidh sé an céad agus tuilleadh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3