Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 30 Tá mé ag teacht ar an tuiscint anois nuair a insíonn duine dom nach bhfuil barraíocht le rá acu faoi bhéaloideas go bhfuil níos mó le rá acu ná mar a síleann siad. Mura bhfuil ann ach cúpla focal, is cúpla focal sa bhreis é, ó mo thaobhsa de, le cur le tobar oidhreachta an pharóiste. Bhí mé féin fosta den tuairim nach raibh eolas ar bith agam ar an ábhar seo in am amháin. Bhí mé ag úsáid leithscéalta cosúil le nach raibh cónaí orm fada go le- or sa cheantar, deich mbli- ana ina iomláine i m ’ óige, chun aithne a bheith agam ar nósanna na háite agus ar an dóigh áirithe ar tógadh na daoine leis an bhéaloide- as. Ach nuair a chuirim an cheist chéanna ar dhaoine eile ón áit faoin tuiscint atá acusan ar an ábhar seo, níl siad cinnte faoi caidé atá i gceist ach an oiread. Tá mí - thuiscint, i mo thuairim, ag an phobal i gcoitinne faoi agus tá lúcháir orm, nó b ’ fhéidir díomá, nach raibh mé ar mo chuid féin faoi seo. Tá go leor scéalta faoi shióga, nósanna agus ócáidí stairiúla, chomh maith le seanscéaltaí, i Roinn Bhéaloideas Éireann i mBaile Átha Cliath. Seán Ó hEochaidh agus Liam Mac Meanman a chruinnigh na scéaltaí seo ó 1936 ar aghaidh sa pharóiste seo. Thug Máirtin Ó Cadhain é féin turas chun na háite le bailiúchán a dhéanamh. Chuala mé go minic gur siflíocht a tugadh do na bailitheoirí seo agus gur ag cumadh scéaltaí a bhí an pobal le tabhairt dóibh. Ach in ionad si- flíocht, tá líofacht scéalta le móitífeanna ó Scéalta Idirnáisiúnta cosúil leis an Bráthair Bán agus Leithscéal na mBan a thug Pádraig Ó Siadhial ón Ard Bán agus na scéalta a thug Mághnus Ó Cuillinn as Duibhlinn Riadhach agus Séamus Ó Ludhóg as Tullach. Má tá scéalta áitiúla á gcuartú ag duine thug Brian Ó Dubhaigh as Baile an tSléibhe scéal breá faoi é féin a bheith ar fostú, agus thug Niall Cuilinn as Dún Dubháin scéal ghreannmhar faoin Síbín Cheoil i gCleas ag Síbín. Tá scéaltaí ar nósanna na háite ó Bean Mhic Eiteagáin as na Dúnaibh, scéal ar Rí na Síogannaí ó Liam Cuilinn, Willie James as Dún Dubháin, agus scéalta farraige ag Sheáin Uí Luadhóg, Cionn a' Learga. Más siflíocht atá i gceist b ’ fhéidir gur cheart dúinn teidil úr a thabhairt don Bhéaloideas, an tSiflíocht. Chuala mé trí scéal le tamall faoi easóga agus an nádúr a bhíonn acu nuair a fhaigheann ceann acu bás. D ’ inis comharsan do mo chuid as Cluain tSaileach dom go raibh fear de chuid an Bhaile Thiar amuigh lá amháin faoin Bhinn Mhór ar Gháinne agus go bhfaca sé easóg amháin ag iompar easóg eile a bhí marbh agus róidín easóga ag siúl ina dhiaidh ina líne. D ’ imigh siad as amharc isteach fríd na clocha agus chan fhaca sé níos mó iad. Labhair mé le fear eile ón Uachtar a chonaic, mar a shíl sé, tórramh easóige.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3