Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 31 Tharla seo sna seachtóidí dó agus bhí sé thart ar fhiche bliain d ’ aois ag an am. Bhí sé ar an phortach i dTulach agus é leis féin ar an lá seo. An chéad rud a dúirt sé liom ná nach raibh barraíocht le rá aige faoin ábhar ach go raibh sé ag tabhairt amach a chuid móna an lá seo le hasal agus le cléibh chun í a fágáil ar thaobh an bhealaigh. San am sin cha raibh ach cúpla tarracóir san áit agus dúirt sé gur le béitheach agus cairt a bheadh sé féin á thabhairt ’ na bhaile. Chuaigh sé suas ’ na chnoic ag a deich a chlog an mhaidin sin agus bhí sé ann thart ar dhá uair a chloig nuair a d ’ amharc sé ar na cnoic os a chionn le carraigeacha móra ag gobadh amach astu agus chonaic sé idir tríocha agus caoga easóg ag tarraingt air amach as na carraigeacha. Tháinig siad fá fhad fiche slat dó agus shuigh siad ar a dtóin lena gcuid cosa tosaigh in airde acu agus bhí siad ag caidreamh eatarthu féin agus ag amharc air. Bhí eagla an domhain air agus bhí sé ag smaoineamh ar a aghaidh a thabhairt ar an bhaile ach d ’ imigh siad chomh tapaidh agus a tháinig siad. Char chuala sé iad ag feadaíl nó chan fhaca sé iad ag iompar corp easóige ach an oiread ach bhí sé den bharúil gur tórramh a bhí idir lámha acu. Char bhain sé barraíocht móna ina dhiaidh sin i dTulach. Chan é go raibh eagla air dhul ar ais ansin, a d ’ inis sé dom, ach go raibh deireadh na móna gearrtha sa bhachta aige. Chuala mé go bhfaca fear eile as an Íochtar tórramh eile easóige agus tharraing mé air. An chéad rud a dúirt sé liom ná nach raibh barraíocht le rá aige faoi ach go raibh sé ag teacht ’ na bhaile ó Scoil Mhíobhuí lá amháin nuair a scairt comharsan air agus thaispeáin sé easóg dó ag teacht amach as faoi thor le heasóg mharbh ina bhéal aige lena ceann thar a ghualainn aige agus ceithre easóg eile ag siúl ina dhiaidh. Shiúil na heasóga tharstu agus iad breá clósailte dóibh agus chuaigh siad isteach i bpoll i gclaí. “ Sin a raibh ann, go díreach ” a dúirt sé liom. Cé gur sin a raibh ann, insíonn seo dúinn go leor faoin nádúr atá in easóga agus nach bhfuil siad chun ceann dá gcuid féin a fhágáil marbh áit ar bith. Cé acu an iompraíonn ceathrar acu an easóg mharbh, nó an iompraíonn easóg amháin í, nó cé acu ar chuir an fear sin ón Uachtar isteach ar fhaire easóige an lá úd i dTulach, tá na trí scéalta ag cur leis an tsiflíocht seo agus ag cur le tobar na hoidhreachta sa pharóiste. Thig linn a fheiceáil fosta go raibh na daoine níos giorra don nádúr siar sna blianta ná mar atá siad anois. Cé nach bhfuil barraíocht daoine thart anois fán áit a d ’ fhéadfadh scéal idirnáisiúnta a insint duit a chuala siad ón tsean mhuintir, tá cuimhne ag achan duine ar shiflíocht de shórt éigin a chuala siad agus uaidh seo thig linn pictiúir a chur le chéile ar shaol a bhí i dTír Chonaill ag tús an chéid seo caite agus roimhe sin. Fia Ann.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3