Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 32 Rugadh Paidí i nGort na Bráide sa bhliain 1938. Seachtar clainne a bhi aige fhéin agus ag a bhean chéile, Máire Agnes, ceathrar gasúr agus triúr girseach. Nuair a phill Den agus Kitty, a athair agus a mháthair ‘ na bhaile ó Mheiriceá bhi beirt chlainne acu agus chónaigh siad i dteach Mháire Shéimí. Thóg Den siopa i nGort na Bráide ag taobh na seanscoile agus bhain sé a shlí beatha amach as sin. Bhog siad go Tir Lachan sa bhlian 1946 nuair a cheannaigh Den feirm a raibh teach dhá stór sé sheomra istigh leis, teach iontach mór na blianta sin. Dhíol sé £800 fána choinne, léar airgead ag an am. B ’ in a bhaile anois agus sin an teach ar chaith Paidi an chuid eile dá shaol ann. Nuair a bhi sé ag fás suas bheadh sé ag cuidiú thart fán fheirm agus fán tsiopa. Duine cliste a bhi ann agus bhí sé an - mhaith lena chuid lámha. Bhí sé an - soiléir luath ina shaol go raibh glór iontach aige. Ní dhéanfadh sé difir ar bith caide ’ n cineál cruinnithe a bheadh fá theach, bfhéidir gur baisteadh a bheadh ann nó dá mbeadh duine ar bith ag imeacht ar imirce agus go mbeadh convoy acu chaithfeadh Paidi a bheith ansin agus ba chuma cá mhéid amhrán a cheolfadh sé ni bheadh an oíche críochnaithe, nó léar don am an mhaidin, go gcluinfeadh siad ‘ Deep Sheep Haven Bay ’. Níl amhras ar bith, óg agus mar a bhí sé, go raibh a ainm i mbéal a ’ phobail. Bhi suim an - mhór aige in innealra
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3