Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 33 de chineál ar bith agus níor chuir sé iontas ar dhuine ar bith nuair a fuair sé tractor agus gur thoisigh sé ag obair amuigh fríd a ’ tír. Bhí na feirmeoirí uilig ag cur bairr agus ag baint bairr ar a gcuid feirmeacha ag an am seo agus bhí go leor oibre le déanamh agus bhí an tractor i bfhad níos gaiste ná na beithigh. Bhí Paidí iontach maith ag foscailt na ndruileanna, bheadh siad comh díreach le barraile gunna agus, lena chois sin, bhí sé ábalta na prátaí a chlúdach sna druileanna leis an tractor fosta agus de thairbhe sin bhí sé an - ghnoitheach ar fad. Bhí sé chomh gnoitheach sin gurbh éigean dó tractor eile a cheannacht agus b ’ eigean dó tiománaí eile a fháil ansin le cuidiu leis. Nuair a tháinig an Fómhar cheannaigh sé inneall bainte coirce (reaper) ansin leis an choirce a ghearradh. Ní raibh mórán innill den tsórt seo sa cheantar agus bheadh i gconai traidhfil cruinnithe thart go bfheicfeadh siad é ag obair. Bhí léar inneallra ag Paidí anois ach má bhí fhéin bheadh rudai ag briseadh síos ó am go h - am, ach mar a dúirt mé bhí Paidí maith lena chuid lámha agus bhí sé go sona sásta ina luí ar a dhroim faoi tractor agus é a chóiriú is dá mbeadh sé amuigh ag tiomáint. Cheannaigh sé binder ansin, bhí an binder ábalta an coirce a ghearradh agus na sopógaí a cheangal ag an am amháin agus ní bheadh ag na feirmeoirí le déanamh ach iad a chur ina sheasamh suas agus stucaí a dhéanamh astu ansin. Gnoitheach is mar a bhí sé leis an fheirmeoireacht cheannaigh sé guitar mar go raibh a chroi istigh sa cheol fosta. Bhuail sé suas le Andy Mac Pháidín (fear an phoist) agus chuaigh siad thart ag imirt fá na tithe leanna, Padaí ar an ghuitar agus Andy ar an fhidil. Bhí na ‘ singing lounges ’ ag dul go maith san am. Bhí deartháir ag Andy, a raibh John air, agus bhí sé maith ag damsha ,(step dancer a bhi ann) agus bhí Paidí lena dheartháir, Dónal

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3