Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 34 siad an bhródúil ar fad nuair a fuair siad cuireadh go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh ar chlár teilifíse a bhí ann ag an am sin darbh ainm ‘ Bring Down The Lamp ’. Dá mbeadh siad ag bualadh inniu bfhéidir go mbeadh siad ar an an X - FACTOR .Bhain siad sult mór as sin agus nuair a phill siad ‘ na bhaile bhí cuireadh faighte acu le dhul siar go dtí an Fhál Carrach go dtí an Rye River Inn. Seo áit a bhí ag dul iontach maith ag an am. Bhí sé lán go doras agus oíche go maidin acu. Bhain Paidí sult mór as oícheanta mar sin. Bhí go leor de na h - oícheanta sin ag an am mar go raibh Féile in achan bhaile i rith a ’ tSamhraidh agus go leor oibre do ghrúpaí ceoil go háirithe ag deireadh na seachtaine. Caithfidhse go raibh sé doiligh coinneáil ag dul, amuigh ag seinm mall san oíche agus amuigh ag obair i rith a ’ lae agus daoine ag fanacht ort agus ag cur brú ort. Ach duine láidir a bhí in Paidí agus char bhain sé a dhath as agus lena chois sin cha raibh brú ar Phaidí am ar bith, sin an cineál duine a bhí ann. Rud eile fá Phaidí, bhí sé dílis dá chreideamh agus múinín mór aige sa chomaoineach. Ní dhéanfadh sé difir dá mbeadh sé luath nó mall oíche Shathairn bhí sé i gcónaí ag an Aifreann maidin Dé Domhnaigh. Bhí sé i gcónaí mar bhall den chór a bhí i dTeach a ’ Phobail. Oíche amháin i mí Lúnasa 1970 agus é mall san oíche bhí Paidí ar an bhealach ‘ na bhaile ó theach faire ar a ghluaisrothar (motor bike) nuair a tháinig sé ar dhroch thimpiste ag an Teach Dearg. Bhuail carr in éadan an bhalla agus bhí beirt fhear óga gortaithe go holc. Bhí Sadie Ní Ghallachóir ina cónaí ar an taobh eile den bhealach mhór agus chuala sí an tormán. D ’ éirigh sí go gasta agus amach léithe, bhí duine de na fir ag cur fola go trom. Thug sí fá dear go raibh sé ag slogadh a theanga agus go raibh an fhuil ag dul ar ais ina bhráid, ní Paidí an feirmeoir Paidí & a bhean cheile Máire Agnes
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3