Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 35 mhairfeadh sé i bhfad. Is maith an rud gur banaltra a bhí in Sadie agus bhí fhios aici caidé le déanamh agus stad sí an fhuil ó bheith ag dul ar ais ina bhráid. D ’ fhan sí leis go dtáinig cuidiú. D ’ imigh Paidí comh gasta agus a thiocfadh leis, leis an Dochtúir Ó Ceallaigh a fháil. Bhi ceo iontach trom an oiche chéanna sin agus maraim go raibh Paidi ag dul ró - ghasta agus d ’ imigh sé den bhealach mhór thíos ag croisbhealaigh Oileán a ’ Bhráighe. Ghortaigh sé a chois, bhí a ghluaisrothar briste agus míle aige le dhul go fóill. Rith sé an chuid eile den bhealach agus chuir sé an Dochtúir Ó Ceallaigh ina shuí agus d ’ inis sé an scéal dó. Chuir an dochtúir isteach scairt fá choinne otharcharr a fháil amach go gasta agus d ’ imigh sé fhéin agus Paidí go láthair na timpiste. Rinne an dochtúir a dhícheall dóbhtha go dti go dtáinig an otharcharr agus tugadh ar shiúl iad go dti an Oispidéal ansin. Tháinig biseach orthu agus tá siad beo folláin go fóill. Cúpla lá i ndiaidh na timpiste bhí cois Phaidí nimneach go fóill, moladh dó a dhul ag an dochtúir agus caidé do bharúil ná go raibh cnámh briste ina chois. Tá mé cinnte go raibh pian tréan ina chois oiche na timpiste agus an mhíle dheireanach a reáchtail aige leis an dochtúir a fháil, ach ag smaoineamh ar an mhuintir a bhí gortaithe a bhí Paidí agus ní ar fhéin, sin an cineál duine a bhí in Paidí. Bhí Paidí lán den ghreann fosta, is minic a bheadh gáire maith agat ina chuideachta. Lá eile bhí Paidí ar a bhealach isteach go teach leanna i gCarraig Paidí an ceoltóir

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3