Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 36 Airt nuair a fuair sé nóta 20 punt ina luí ag an doras. Bhí cúpla duine istigh sa bharra agus chuir sé ceist orthu ar chaill duine ar bith acu airgead ar bith. Dúirt siad uilig nár chaill , ‘ maith go leor ’ arsa Paidí, ‘ gheobhaidh muid deoch air ’. Chuir fear a ’ bharra suas deoch dóbhtha agus bhí siad an - sásta le sin. An chéad rud eile d ’ oscail an doras go tobann agus tháinig fear isteach agus cuma chrosta air. ‘ An bhfaca sibh airgead ar bith ‘ na luí thart ’ a duirt sé, ‘ Chaill mé nóta 20 punt ’ a dúirt sé, ‘ Ní bheadh sé ró - dhoiligh é a aithne mar go bhfuil poll beag ann ’ Níor labhair duine ar bith ach d ’ amharc siad ar Phaidí. Thiontaigh Paidí thart agus ar seisean ‘ Bhuel, tá poll i bhfad níos mó ann anois ’ Cha mhó ná go raibh an scaifte a bhí ansin ábalta seasamh leis an gháire. Chrom an fear bocht a cheann agus shiúil sé amach an doras. Phós Paidí Máire Agnes Ní Chuilinn ar an 29ú lá de Mheitheamh 1974. As an Bhruach Dhearg a muintir agus chaith siad tréimhsí i nGlaschú ach phill siad arais go Bruach Dearg agus phós sí Paidí. Ceoltóir den scoth a bhí in Máire Agnes agus bhí sí an - mhaith ar an fhidil fosta. Tá a iníon, Sarah, ina cónaí ar an Bhruach Dhearg go fóill. Ghlac achan duine leis go mbeadh siadsan uilig maith ag dul don cheol fosta agus bhí an ceart acu. Ní raibh uirlís ceoil ar bith nach dtiocfadh leofa bualadh agus ghlac siad uilig páirt ar dtús i mbanna ceoil Scoil Dhuibhlinn Riabhach agus ansin nuair a bhí siad rud beag níos sinne bheadh siad amuigh ag seinm le Paidí anois agus arís. Bhí Paidí iontach maith dá theaghlach agus bhí sé go bródúil astu nuair a bhi siad ag cur lena gclú. Bhí Paidí ina bhall d ’ Aisteoiri Mhiobhaigh agus aisteoir maith a bhi ann fosta. Bhi muid istigh i dteach leanna i nGaillimh oíche amháin i ndiaidh an Fhéile Náisiúnta agus fuair muid Paidí suas le amhrán a cheol. Áit mhór a bhí ann, bhí trí bharra sa teach agus scaifte in achan cheann acu ach sula raibh Paidí críochnaithe bhí siad uilig ag brú isteach le héisteacht leis an fhear a raibh féasóg mhór dhearg air agus glór aige nach dtiocfadh leofa a chreidbheáil. Fuair sé bualadh bos iontach agus bhí achan duine ag iarraidh lámh a Paidí ag smaoineamh ar scéal maith

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3