Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 37 chroitheadh leis. Sin an cineál duine a bhí in Paidí, ghlac achan duine go mór leis. Sa bhlian 2015 bhí Féile Fómhair Charraig Airt amuigh i gcuibhreann ar eastát na Maoil Ruaidhe ag taispeáint an dóigh ar gearradh an coirce ón tseanam anall. Ghlac Paidí nóisean go dtabharfadh sé an Binder amach. Bhí an Binder ina luí gan úsáid le fada mar gur stad muintir na h - áite ag cur coirce agus ní raibh úsáid ar bith díthe anois. Chaith se fhéin agus Mícheál, a mhac, cúpla lá ag iarraidh í a chóiriú agus bail a chur uirthi, bhí sí ag titim as a chéile. Cibé ar bith amach leofa Lá na Féile go dtí an chuibhreann choirce agus thoisigh sé ag gearradh agus bhí sí ag caitheamh amach na sopóga comh flúirseach leis a ’ chéad lá a fuair sé í. Thug sin sásamh millteanach do Phaidí an lá sin agus nach iontach an rud é gurb é sin, is dócha, an píosa deireanach d ’ obair feirme ar ghlac Paidí páirt ann . Thug daoine fá dear nach raibh Paidí ag ceol mórán le tamall, ach ar an drochuair bhí Paidí tinn. Chaith sé tamall goirid in Otharlann Leitir Ceanainn ach tháinig sé ‘ na bhaile. Bhí fhios ag Paidí go raibh an deireadh ag teacht, ach mar a dúirt mé bhí creideamh láidir aige agus ghlac se leis. An rud ba thábhachtaí i saol Phaidí i gcónaí ná a bhean agus a theaghlach. Bhi siad uilig ag a thaobh anois ag fanacht - corruair ag ceol, corruair ag rá paidir, corruair eile ag comhrá agus corruair ina suí ansin go suaimneach. Tráthnóna Déardaoin ar an 4ú lá fichid de mhí Lúnasa 2017 fuair Paidí bás .Nuair a chuaigh an scéala amach go raibh Paidí marbh thit uaigneas ar an pharóiste. Thainig na sluaite chuig an fhaire agus chuig a thórramh. Ní fhaca mé scaifte cosúil leis ariamh agus nuair a cheol Daniel, a mhac, cúpla bhéarsa de ‘ Deep Sheep Haven Bay ’ ag deireadh an Aifrinn ní raibh súil tirim i dTeach a ’ Phobaill. Tá fhios agam go gcluin muid seo ó am go h - am ach tá mé cinnte i gcás Phaidí de go bhfuil sé iontach fíor - ní fheicfidh muid a leithéid arís. Go nDéana Dia Trócaire ar a Anam Dilís. - Seosamh O Cuilinn. Paidí lena dheirfiúr, Bríd

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3