Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 38 Beidh sé mar chúram agus mar onóir ag CLG Na nDúnaibh an comórtas náisiúnta de Chomórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil anseo sna Dúnaibh le linn deireadh seachtaine na Cincíse an bhliain seo chugainn 2018.Beidh na sluaite ag tarraingt ar an cheantar don ócáid mhór seo agus is cinnte go gcuirfear fáilte chroíúíl rompu uilig. Dar ndóigh chan seo an chéad uair don Chomórtas Náisiúnta a bheith anseo mar gur reáchtáil cumann peile na nDúnaibh an comórtas sa bhliain 1986. Is cinnte gur iomaí cor agus casadh sa tsaol ó shin, sin dhá bhliain déag agus fiche ó shin. Tá cuid mhór daoine idir óg agus aosta a bhí linn san am sin ach atá anois ar shlí na fírinne agus an mhuintir a bhí i mbláth na hóige san am sin anois ag dul siar i mblianta. Tá athruithe móra tagtha ar an chomórtas fhéin. Tá an cailín Gaelach agus Tráth na gCeist againn i gcónaí ach tá méadú mór ar líon na gcluichí de thairbhe go bhfuil méadú tagtha ar an líon foirne atá ag glacadh páirt agus lena chois sin tá comórtas na mban mar pháirt don chomórtas anois fosta cé nach bhfuil sin oifigiúil go fóill. Le léargas a thabhairt maidir leis an mhéadú atá tagtha i líon na gcluichí níl againn ach le comparáid a dhéanamh idir clár na gcluichí sna Dúnaibh i 1986 agus i dTuar Mhic Éadaigh 2017. Sna Dúnaibh i 1986 bhí seacht gcluiche ar an Satharn, ceathrar ar an Domhnach agus na cluichí ceannais ar an Luan. I dTuar Mhic Éadaigh anuraidh bhí cúig chluiche dhéag ar an Satharn, sé chluiche ar an Domhnach agus na cluichí ceannais ar an Luan.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3