Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 39 Ciallaíonn seo go bhfuil sé riachtanach go mbeadh trí pháirc in úsáid anois ag an chlub áitiúil leis an chomórtas náisiúnta a reáchtáil go héifeachtach. Lena chois sin beidh sé sheomra feistís riachtanach. Tá cuid mhór obair ullmhúcháin ar siúl ag an chumann faoi láthair, obair ullmhúcháin atá riachtanach le go mbeidh deathoradh ar an chomórtas. Tá na páirceanna chor a bheith réidh agus tá fál den scoth thart orthu agus lena chois sin tá dhá sheomra feistíse úra tógtha fosta. Níl anseo ach tús na hoibre agus chosain an obair seo ar fad i ndeis de € 200,000. Cé go bhfuar- thas deontaisí le cuidiú linn an obair seo a dhéanamh cha chlúdaíonn na deontaisí ach céadatán den chostas. Tá cuid mhór obair athchóirithe le déanamh ar an Ionad fhéin, tá sé le péinteáil agus leoga tá cuid mhór obair dheonach déanta air le roinnt míosa. Tá athchóiriú le déanamh ar an halla mór agus ar an chistin chomh maith le uasghrádú ( upgrading) a dhéanamh ar an chóras teasa agus ar an chóras fuaime. Cosnóidh seo uilig neart airgid agus is de thairbhe seo atá an cumann ag reáchtáil cranchur mór, cosnaíonn na ticéidí € 50 agus is cinnte go bhfuil tacaíocht mhaith ag teacht ó bhunadh na háite sa bhaile agus i gcéin. Nuair a tógadh an t-ionad sa bhliain 1983/84 thug bunadh an cheantair an-tacaíocht don togra sin agus is cinnte go gcuirfidh siad a ngualainneacha leis an iarracht mhór seo fosta. Tá cuid mhór páistí páirteach sa chumann anois idir ghasúraí agus ghirseachaí agus cibé obair fhorbartha agus obair athchóirithe a dhéanfar anois is iadsan agus na glúnta atá le teacht is mó a bhainfeas tairbhe as. Agus tá spóirt, spóirt de chineál ar bith tábhachtach don óige. Nuair a thiocfas deireadh seachtaine na Cincíse beidh cuidiú a dhíth, mar sin na bíodh leisce ar bith ort a chur in iúl don chumann go bhfuil tú ar fáil le cuidiú a thabhairt.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3