Guth Ghoill, Eagrán 57
Eagrán 57 Nollaig 2017 4 cheithre scór cloigne ‘ na gcónaí ann agus muid uilig isteach agus amach ag a chéile achan lá. Ar theacht na Nollag thosódh na fir uilig ag glanadh na gclaíocha, ag cóiriú geaftaí a bhí briste, ag glanadh amach an sciobóil agus an bhoithigh. Bhí sórt traidisiún ann go gcaithfí achan rud a ghlanadh fá choinne teacht Íosa Críost. Bhí glanadh mór déanta ar na tithe taobh istigh agus an glanadh is mó déanta ag sacraimint na faoistine. Cha raibh teach pobail ar bith san Íochtar ach thiocfadh an sagart chuig an dá scoil lá agus théadh achan duine chun faoistine aige. San am sin ba ghnách le achan teaghlach turcaí a reamhrú don Nollag agus maraíodh an créatúr bocht cúpla lá roimh an Nollaig agus bheadh sé crochta ar chúl dorais go dtí go mbeadh sé plucáilte. Obair mhór a bhí sa phlucáil mar chaithfí é a dhéanamh go cúramach ionnas nach stróicfí craiceann an éin. Níl cuimhne agam caidé a rinneadh leis na cleiteacha. ( B ’ fhéidir go mbeadh fhios ag Proinnsí sin). Oíche Nollag, ‘ sé sin an oíche romh lá Nollag cuireadh cuileann suas ar chúl na bpictiúr naofa a bhí crochta ar na ballaí. Bheadh achan rud réidh fá choinne dinnéar na Nollag, ‘ sé sin bheadh na prátaí nite agus na glasraí glanta agus an turcaí nite agus cuachta suas in éadach geal. Corr Nollaig cha bheadh againn ach sicín ach níl dochar a bheith ag maíomh! Tá cuimhne agam mo mháthair mhór a bheith ag marú turcaí bliain amháin. ‘ Sé an dóigh ar mharaigh sí é ná gur ghearr sí an ceann de. D ’ éalaigh an turcaí agus bhí sé ina rith thart fán tsráid ar An Droim Rua
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3