Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 5 feadh tamaill mhaith gan ceann ar bith air. Dá b ’ é anois a tharlódh sé sin nach iontach an rud a bheadh ann le cur ar ‘ Facebook ’. Tháinig na gasúraí ‘ na bhaile an bhliain sin, scaifte acu, go teach Chanainn. Bhí John, Barney, Pat agus Francie. Bhí siad ó theach go teach ag réiceáil agus is cuimhin liom Barney ag tabhairt leathchoróin an duine domh fhéin agus do mo dheirfiúr. Airgead mór san am. Bhí Nollaig shonasach againn an bhliain sin. Cha raibh amhail ná aithne agam ar an bheirt a thit sa chogadh ach is cinnte go mbeadh brón i gcroíthe a muintire. Sin mar is cuimhneach liom an Nollaig sna daicheadaí. Na blianta ina dhiaidh sin cha raibh oiread daoine ag teacht ‘ na bhaile chun an Aird Bháin. Tá cuimhne agam bliain amháin gur thit fear as Doire a ’ Chasáin, duine de chlann Dunn John Thuathail, amach as bád Dhoire ar an bhealach ‘ na bhaile. Báthadh é agus d ’ fhág sin an áit cráite. Imirce. Bhí an Nollaig uaigneach ar an Ard Bhán nuair a thosaigh daoine ag fágáil. Sa bhliain 1953 d ’ imigh clann Thuathail Dhonchaidh Rua go Londain. Ba sin teach a raibh neart craic ann. Bhíodh Peigí ag glanadh agus ag péinteáil agus ag ní cúirtíní roimh an Nollaig. Bhí sé ar theach chomh néata nua - aimseartha agus a bhí ag gabháil. Bhí sorn dubh snasta acu agus potaí geala snasta ina shuí air. Bhí cuileann ar chúl na bpictiúr agus boladh ciste milis i gcónaí ann. An Baile Uachtarach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3