Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 6 Bhí teach Andy Bhoydie ar an taobh eile den chasán, d ’ imigh an teaghlach uilig, seisear páistí agus an t - athair agus an mháthair go Paisley na hAlban an bhliain chéanna. D ’ fhág siad brón agus buairt ina ndiaidh. An Baile Láir . Anois an Baile Láir, m ’ áit fhéin, agus áit nach raibh brón ná buairt ann san am. Bhíodh Nollaig ghnoitheach acusan. Bhíodh muintir Ned Mhicí Eoghain, Neilí Thuathail, Peigí Bhán agus a gcomharsa Ellen John Phaidí ag cniotáil don Nollaig. Geansaithe is mó a bhíodh a chniotáil acu - ‘ Fair Isle ’ agus achan sórt dearaidh (design), agus iad ag cniotáil gan plean ná patrún - amach as a gceann. Chan fhaca mé a leithéidí ariamh ó shin. Bhí na mná sin thar a bheith cliste. Dio- maite do bheith ag cniotáil, bhí Ellen ag fuáil. Bhíodh sí ag déanamh gúnaí galánta do ghirseachaí fá choinne damhsaí agus bhí a cisteannach cosúil le ‘ Brown Thomas ’ idir gheansaithe agus ghúnaí. Bhí gnó eile a reáchtáil ar an Bhaile Láir fosta—cha bhéinn ábalta inseacht cé a bhí ag gabháil dó nó chaithfinn a dhul ar faoistin chuig an Easpag. Ach bhí éileamh mór air am na Nollag, bheadh tiún mhaith ar mhuintir an bhaile nuair a gheobhadh siad buidéal de Bhraon an Bhaile Láir. ‘ Craft Digh ’ a bhéarfaí air anois. I nDiaidh na Nollag. Lá arna mhárach i ndiaidh na Nollag chuaigh mise i gcónaí ar cuairt chuig mo chairde, muintir Mhac Rodaí ar an Droim Rua. Rachadh muid ó theach go teach -- chuig Peigí, ansin chuig Máire, bean a bhéarfadh cáca milis dúinn agus a déarfadh linn, ‘ Gura míle maith agaibh ar son an chuairt dheas sin ’. Yankee a bhí inti. Ansin théadh muid ag Biddy Mhuintir Bhiddy áit a n - inseodh Muiris scéal ón Raidió dúinn. Ansin an chuairt dheireanach ar Anne agus Brianaí Beag,

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3