Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 7 scéalaí agus seanchaí a d ’ inseodh scéal fán Ghobán Saor dúinn. Déarfadh sé i gcónaí: “ Nach bhfuil an scéal sin níos fearr ná ceann Phádraig John Phaidí ” ach deirfinnse i gcónaí go raibh Pádraig níos fearr mar gur bhuaidh sé Corn an Oireachtais, rud a bhí fíor. So! Idir scéalaithe, ghúnadóirí, chniotálaithe agus lucht déanta digh cha raibh uaigneas ar bith ar an Bhaile Láir. Ach mheath na ceirdeanna agus dheamhan mórán atá ag gabháil ar aghaidh ann anois. Tá teach Mhac Rodaí ann go fóill, (bhuel Teach Mhic Laifeartaigh anois) é go beo beathach chun fáilte a chur romham agus an chlann úd a d ’ fhág sa bhliain 1953 tháinig siad ar ais agus tá teach galánta tógtha acu ar an Bhaile Uachtarach agus fearadh na fáilte acu romhainn uilig. Tiocfaidh an Nollaig achan bhliain . Bhí Nollaig shona, Nollaig bhrónach, Nollaig uaigneach, Nollaig bhán agus Nollaig ghlas ag teacht agus ag imeacht fríd na bliantaí agus beidh. Tá súil agam go mbeidh Nollaig mhaith agaibh uilig i mbliana agus go mbeidh na haingle agus na haoirí agus na fir chríonna ón Domhan Thoir ag leanstan na réalta trasna an chnoic agus iad ag ceol: “ Glór do Dhia sna harda Agus síochán do na daoine Ar fud an Domhain ” Nollaig Shona daoibh uilig. ~ Finola Harte. Baile ‘ n tSléibhe

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3