Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 8 Suite faoi fhoscadh na gcnoc i mbaile fearainn Ghort na Luchóg tá seanteach mhuintir Mhicí John, os a chomhair amach tá báíghe na Maoil Ruaidhe agus trasna uaidh ar an taobh eile den bháighe tá Dumhach Mór i Leithinis Fhánada, teach stór go leith a bhí ann faoi bhun Chnoc a ’ Staighre. Thuas os a cheann ar chnoc Ghort na Luchóg tá an ‘ hut ’ – sin an teach faire atá ansin ó aimsir an chogaidh agus a húsáidíodh le súil ghéar a choinneáil ar rud ar bith neamhghnách a bhí ag dul ar aghaidh amuigh ar an fharraige mhór ag an am. Tá an baile fearainn suite idir Dún Dúbháin agus an Meall Mór, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na bailte fearainn is faide ó thuaidh in Íochtar Ros Goill agus is dócha go dtiocfaí a rá go bhfuil sé ar cheann de na bailte fearainn is lú san Íochtar fosta. Mar gheall ar sin cha raibh an daonra a bhí ansin rómhór ag aon am; i ndaonáireamh na bliana 1901 bhí seisear teaghlach ann agus daonra de 42, sa bhliain 1911 bhí ochtar teaghlach agus daonra de 49. B ’ iad na teaghlaigh a raibh cónaí orthu ann ná: Mac Giolla Bhríde(2), Mac Suibhne, Ó Gallchóir agus Mac Lochlainn, ainmneacha atá coitianta go leor fán Íochtar. Cha shílim go bhfuil sé riachtanach míniú a thabhairt ar ainm an bhaile, cé acu bhí cuid mhór luchóg fá na goirt anseo sa tseanam nó nach raibh b ’ iad a bhaist an baile fearainn lena n - ainm. Seanteach Mhící John An Loch Mór

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3