Guth Ghoill, Eagrán 57

Eagrán 57 Nollaig 2017 9 An Loch Mór agus an Murder Hole. Daoine a thug cuairt ar an ‘ Murder Hole ’ ariamh nó a shiúil amach go barr Chnoc na Sleá nó go barr Chnoc Ghort Na Luchóg cha dtiocfadh leo gan an Loch Mór a fheiceáil, loch a bhfuil leaba shuaimhneach aici follaithe istigh faoi bhun na gcnoc agus ar shiúl ón saol mór. Dá suífeá sa fhraoch ós cionn an locha tráthnóna aoibhinn Samhraidh d ’ fhéadfadh an draíocht a d ’ fheicfeá os do chomhair tú a chur faoi gheasa – ealaí ag neadú ar na bruacha ‘ s ag éálú go slítheánta isteach san uisce ó am go chéile, a bhfuarú fhéin i ndiaidh bhrothall an lae, ach iad, ag an am chéanna, ag coinneáil súil ghéar i gcónaí ar a gcuid uibheacha sna neadracha ar na bruacha. Nuair a dhéanfadh siad contúirt a mhothú shleamhnódh siad go formhothaithe isteach ar na neadracha lena gcuid uibheacha a ghoradh, a choiméad agus a chosaint. Cé go bhfuil sé i ndeis de thrí fichid bliain ó chonaic mé an radharc seo don chéad uair, i gcuideachta m ’ uncail Eoin, is cinnte go deachaigh a raibh le feiceáil agam go mór i bhfeidhm orm, ealaí agus a gcuid neadracha agus uain óga ag súgradh fá na carraigeacha, b ’ aoibhinn an radharc é i dtost an tráthnóna Samhraidh úd ag deireadh na gcaogaidí. An Murder Hole

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3