Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 10 Séamus mar Dhamhsóir. Mar a dúirt Dorothy Harrison Therman, ‘ Seamas himself had been a champion step dancer ’ . Fear siúlta a bhí ann. Dúirt Eibhlín, a iníon is sinne, go raibh an nós aige dul chuig ‘ Taispeántas an Earraigh ’ i mBaile Átha Cliath achan bhliain agus stopadh sé in Óstán an Hibernian, i sráid D ’ Olier, le linn a sheal ansin. Agus bhí an ceart aici. I 1900 bhí sé ag damhsa sa ‘ Glasgow Exhibition ’. Bliain ina dhiaidh sin fuair sé an darna háit i gcomórtas don phort dúbáilte agus don ríl. Ba é an chéad seaimpín rinceoir in Éirinn ag an am sin. Chuala an tAthair Eoghan Ó Colm trácht air a chuid rinceoireachta le linn a thréimhse ar an oileán. Cuireann seandaoine cogar i mo chluais anois agus arís, oícheanta siamsa agus dalta de chuid an Ardmháistír ar an urlár: “ Dá bhfeicfeá é féin i gcionn an chúrsa sin, chuirfeadh sé áthas ar do chroí. My oh, is é a bhí éadrom aigeantach ar a chois ”. Mar Thimire ag Conradh na Gaeilge. Mar is eol dúinn bhí dúil mhór aige sa teanga agus sa chultúr Ghaelach agus thosaigh sé ag obair mar thimire Ghaeilge do Chonradh na Gaeilge i 1902. A luaithe ‘ s a fuair sé eolas gur roghnaíodh é mar thimire chuir sé craobh den chonradh ar bun ar Oileán Thoraigh. Ach de thairbhe go mbíodh air taisteal ar fud Chúige Uladh d ’ fhág sé daoine eile i gceannas ar an chraobh. Dar le Donncha Ó Súílleabháin ina leabhar ‘ Na Timirí i Ré Tosaigh an Chonartha ’ chuaigh sé i mbun na hoibre seo ar dtús i bparóiste Inbhir; chuaigh sé ar aghaidh go Tamhnach an Mhullaigh, An Bhearnais Mhór, Cloich Chinn Fhaolaidh, An Tearmann, Inis Eoghain, Srath an Urláir, Bealach Féich, Na Gleanntaí agus an Clochán Liath agus ansin ar aghaidh go Doire, Sligeach agus Tír Eoghain. Seo cuid de na dualgais a bhí ar na timirí: Griangraf a bhí ar leathanach tosaigh Fáinne an Lae, 22ú Lunasa, 1903 (Ina sheasamh ó chlé): Séamas mac Éinrí, Séamas Mac a ’ Bháird, Peadar Ó hAnnrachán, Pádraig Ó Máille, Pádraig Ó Cadhla. (Ina suí ó chlé): Tomás Ó Míodcháin, Tomas Ó Concheanainn, Fionán Mac Coluim agus Donncha O Laoire .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3