Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 12 ‘ Agus chomh brodúil is a bhí muid nuair a mhol sé muid as an eolas a bhí againn ar ár dteanga féin. An Cairdinéal Ó Dónaill. Tá sé i gcuimhne mhuintir Ros Goill go fóill cé comh cráifeach agus a bhí sé mar go bhfuil cuimhne acu ar fhéin agus ar a bhean ag dul ar Aifreann agus chuig Comaoineach laethúil ar a gcuid rothair go Carraig Airt, agus neamhaird a dhéanamh acu ar chúrsaí aimsire. Tá sé soiléir ó na litreacha a ghabhann leis an chuntas seo an meas a bhí aige ar an Eaglais agus ar an chléir. I ndiaidh don Athair Ó Ceallaigh misiún a thabhairt ar an oileán agus is dóiche go raibh mí - úsáid na dí á cháineadh aige, scríobh Séamus litir chuig an Easpag Ó Dónaill ag rá go raibh sé chun an teach tabhairne a dhruid agus an stoc a dhíol, rud a rinne sé. Cé acu ar fhan sé an dóigh sin nó nár fhan, sin scéal eile! Bhí sé an - chardúil leis an Chairdinéal Ó Dónaill, ní hamháin go raibh meas mór aige don chreideamh ach go raibh dúil mhór ag an Chairdinéal i gConradh na Gaeilge agus sa teanga féin. Tar éis an ailt bhig faoi Shéamus Mac a ’ Bháird agus Conradh na Gaeilge a léamh i leabhar Dhonncha Uí Shúileabháin, is léir go raibh dlúthbhaint ag an chléir leis an Chonradh. Ach nuair a bunaíodh craobh in chóir a bheith achan pharóiste sa tír bheadh sé ina éacht ollmhór don chléir éalú uaidh. Ní hiontas go mbíodh aighneas eatarthu in amanna nuair a bhíodh an bheirt acu ag iarraidh aird mhuintir na paróiste a fháil. Bhí Séamus iontach cardiúil le Eoin Mac Neill, fear a chobhunaigh Conradh na Gaeilge le Dubhglas de hÍde, agus scríobh sé litir chuige i 1899 ag gearán faoin chléir as siocar nach raibh siad ag cuidiú leis na timirí a gcuid oibre a spreagadh: When a leaguer in Co.Donegal reported to Mac Néill that some of the clergy were ‘ not taking up the League business as they should and some think they cannot be done Teach Mhic A ’ Bháird ar Oileán Thoraigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3