Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 14 Cé gur fear cráifeach a bhí ann agus níl dabht ar bith fá sin, is léir ón méid thuas go bhfuair a ghrá don teanga lámh an uachtair air agus an Canónach Mac Phaidin a cháineadh aige. D ’ fhill sé ar Thoraigh i 1903 chun cuidiú a thabhairt dona athair sa teach tabhairne. Tamall ina dhiaidh sin chuir sé leis an teach sa dóigh is go ndearna sé óstán de, ar an suíomh céanna ar ar tógadh Óstán úr ar Thoraigh roinnt blianta ó shín. Ba Teach Ósta Mhic A ’ Bháird an t - ainm a bhí ar an teach mór a bhí ag teaghlach Néill Mhic A ’ Bháird. Déarfainn fhéin go dtabharfaí teach lóistín air sa lá atá inniu ann agus de réir an daonáirimh 1911 bhí beirt lóistéirí ag fanacht sa teach: Edward Stephenson, constábla de chuid an R.I.C. agus Maggie McAdam, máistreas scoile. Ina theannta seo, bhí oifig an phoist a reáchtáil ag aintín Shéamuis sa teach ach nuair a pósadh Séamus agus Treasa, roinneadh an teach idir iad féin agus an teaghlach agus chuir Séamas go mór leis an teach. De thairibhe an méid a rinne sé ar son Chonradh na Gaeilge agus an suim gan staonadh a bhí aige in achan ghné den chultúr Ghaelach, d ’ éirígh sé cairdiúil le Ruairí Mac Easmainn. Thug sé cuairt ar an oileán sa bhilian 1901 chun Séamus a fheiceáil. Thug sé leabhar deas dó, Ohmar Khyaram. Bhí an leabhar sin ag Eibhlín, iníon Shéamuis, agus siniú Ruairí Mhic Easmainn fós istigh ann. Chuala an Piarsach agus Mac Easmainn a iomrá agus thug siad cuairt ar an oileán lena bharúil agus a bhreithiúnas a fháil ar chruacheisteanna Gaelacha agus ar chúis na teanga. Rinne an tAthair Eoghan Ó Colm pointe fiúntach nuair a scríobh sé fá na cailíochtaí éagsúla a bhí ag Séamus—scríobhnóir, file, aisteoir, aithriseoir agus damhsóir den scoth nach raibh a shárú le fáil ar an urlár, fear a raibh grá aige dá thír agus dá theanga féin. Tá samplaí dá chuid filíochta le fáil go fóill. Bhí cuimhne ag Eibhlín ar dhán amháin a scríobh a hathair. Lá amháin agus mé i dteach ‘ saici bhí sí ábalta é a aithris gan stró ar bith: Suas leis an Ghaeilge . Suas leis an Ghaeilge, Ar aghaidh léi go deo, Is ró - fhada bhí sí faoi smúid glais ‘ s faoi cheo. Síos leis an Bhéarla ‘ is le nósaí Sheáin Bhuí, Na nósaí a bhí le seal fada ar gcloí. Bhí an Béarla mar néal os cionn talamh ‘ s trá, Dar mealladh, dar ndalladh, dar gcreachadh ‘ s dar gcrá Ach a chairde mo chléibhe ó tógaí bhur gcroí Tá grian gheal na Gaeilge fa dheire ina suí. Faraor nach raibh sí ábalta cuimhne a choinneáil ar mhórán dánta eile.Ach le linn de leabhar an tAthair Eoghan Ó Colm a bheith a léamh agam tháinig mé ar dhán eile a scríobh Séamus Mac a ’ Bháird. Sou ’ west, an t - ainm atá air, seo bhéarsa den dán sin:

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3