Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 15 Tá tú caite anois is lom Tá sliocht an anró ar do cheann Chaill tú bláth na hóige bhí ort i dtús do shaoil, Mar sin féin is tú grá mo chroí, Cha scaraim leat go deo Nó go síntear insan chill mé le do thaobh. Scríobh sé amhrán eile fosta ar a dtugtar Betty Sally Dan air. Bhí oideachas na bpáistí mar ábhar imní ag Séamus agus Treasa agus iad ag fás aníos. Bhí bunscoil ar an oileán cinnte ach bhí an bhean is sinne Eibhlín ag tarraingt ar an aois a mbeadh sí ag freastal ar an mheánscoil agus mar sin rinne siad suas a n - intinn go rachadh siad ‘ un na mórthíre. Mar sin de d ’ fhág siad slán ag Toraigh agus chuir siad fúthu sna Dúnaibh sa bhliain 1928. Fuair Séamus post leis an Roinn Talmhaíochta, ag a raibh cúram chúrsaí iascaireachta ag an am agus níos moille le Bord Iascaigh Mhara. Bhí sé mar chúram air na h - iascairí a dhíol ar on a gcuid iasc; aire a thabhairt de threallamh an Bhoird agus tuarastal na n - oibrithe i mBádchlós Mhíobhuí a íoc. D ’ imigh sé ar shlí na fírínne sa bhliain 1951 agus maireann a shíol agus a shíolra ansin go foill! Tá mé ag meas gur seo an linéar an California ar charraigeacha Thoraigh thart fá 1914.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3