Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 17 Bhí am ann agus chuntasófaí maoin feirmeora ón méid caorach a bhí faoina chúram. Tá lorg na gcaorach le fáil siar ins na cianta sa domhain thoir trasna an domhain go dtí na crannóga in Iarthar na hÉireann. B ’ é an chaora ainmhí na híobairte i gcuid de chreideamh an ré dhorcha agus lean an scéal mar sin i ré na Críostaíochta agus mar sin de is ainmhí beag ársa an chaora. De réir na gcuntas b ’ ainmhí fiáin an chaora i dtús báire a raibh fionnadh ag fás uirthi in áit olann agus tá áiteacha ar an domhan go fóill a bhfuil sí mar sin. Deirtear go bhfuil trí chéad cineál pór caorach ar an domhan uilig agus ‘ sé an cineál connaithe an cineál is tábhachtaí don chine dhaonna. Anseo i dTír Chonaill bhí an chaora mar chúltaca an fhir bhoicht agus is an chaora ab fhearr i gcónaí aige. Ins an am a chuaigh thart ba tearc ceann urraidh tí gan a bheagán nó a mhórán caorach a bheith aige ar an chnoc. Cúig nó sé de bhlianta ó shin hinsíodh domh go raibh tuairim is 200,000 anseo sa Chontae anseo. Níl fhios agam cad é mar tá rudaí san am i láthair mar gur éirigh luach na gcaorach go mór agus bfhéidir go bhfuiltear ag díol níos mó acu anois ná mar bhí san am sin. An chaora bheag dhílis an cara ab fhearr a bhí ag fear a ’ tsléibhe agus leoga fear chois farraige fosta. Níl an áit ó fhágas tú Inis Eoghain go dtéidh tú siar go Gleann Cholmcille nach bhfeicfidh tú dornán caorach ag cuid mhór, go háirithe an chuid acu atá cóngarach do na sléibhte, na caoirigh bheaga chruaidhe leis na haghaidheanna dubha atá ábalta a mbeatha a bhaint amach ar na sléibhte.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3