Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 18 Olann. Bhí an oiread tábhacht ag baint leis an olann b ’ fhéidir agus a bhí leis an fheol. Cad chuige seo? Cuir i gcás an áit ar tógadh mé fhéin thiar i nGleann Cholmcille bhíodh teaghlaigh mhór ansin san am a chuaigh thart agus mar tá fhios ag an saol mór dar ndóigh chan i nGleann Cholmcille amháin a bhí an saol mar sin ach i chuile cheantar Gaeltachta san am sin, bhí na daoine an - bhocht agus an bia gann agus doiligh a fháil. Ach dáiríre cibé geis a bhí acu leis, taobh amuigh de lá amháin sa bhliain, char mhothaigh mé ariamh iad ag marú caoirigh le tabhairt dá gclann le hithe. Ach an t - aon lá amháin a maródh siad moiltín beag b ’ é sin ‘ Féile Muire Mhór an Fhómhair ’ agus tá an seanfhocal againn ansin— ‘ An té nach múirfidh muiltín Muire, múirfidh Muire muiltín dó ’, ‘ sé sin go dtiocfadh mí - adh agus drochchreach ar an tréad caorach muna múirfeadh siad muiltín beag d ’ Fhéile Muire. Ní raibh sé de ghnás an chaora a mharú, bhí an olann lán ní ba tábhachtaí ná mar bhí an chaoireoil. Féadaim a rá, i gcuid mhór de na ceanntracha sin fosta ní chaitheadh siad rud ar bith eile ach an t - éadach a dhéanfadh siad fhéin. Dhéanfadh siad an olann a chárdáil, nífeadh siad í agus ní raibh baile fearainn fá na paróistí nach raibh fíodóir nó cúpla fíodóir inti agus bhí na fíodóirí sin gnoitheach ó cheann ceann na bliana ag déanamh achan chineál bainnín. Ansin dar ndóighe mar a gcéanna bhí na mná ag sníomh agus ag cniotáil, ag cniotáil stocaí agus geansaithe agus achan rud a bhí siad a chaitheamh. Agus fiú na fir, go háirithe na hiascairí,an t - éadach a bhí siad a chaitheamh taobh istigh lena gcraiceann bhí siad fhéin ag déanamh léir de sin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3