Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 19 An Lomadh . B ’ é dimheas an gléas a bhí ag an fheirmeoir leis na caoirigh a lomadh.Bhí nós acu a bhain le lomadh na gcaorach chomh maith le achan rud eile san am a chuaigh thart. Bhí meithealacha lomadóireachta acu, ní rachadh fear amháin, cur i gcás,leis na caoirigh a chruinniú ar an chnoc nuair a bhí siad le tabhairt anuas cois baile lena lomadh. B ’ fhéidir go rachadh triúr, ceathrar nó cúigear fear de chuid an bhaile le chéile agus dá mbeadh dosaen nó scór caorach ag achan fhear bhéarfaí an t - iomlán anuas le chéile. Chuireadh siad isteach i mballóg iad agus lomfadh siad iad agus cha ndéanfadh sé a dhath difir cé na caoirigh a lomfadh siad, a gcuid fhéin nó cuid fheirmeoirí eile. Ach ansin chuireadh siad olann achan fhear i leataobh ach taobh amuigh de sin bhí an lomadóireacht a dhéanamh i gcomhar. Ansin dhéanfaí an olann a chárdáil agus bhí cárdaí speisialta acu le sin a dhéanamh. Nuair a thigeadh an olann ina ghréasán amháin de dhroim na caorach ba sin rud a dtugadh siad an lomairt air. Bhuel cha dtiocfadh le duine ar bith rud ar bith a dhéanamh díthe gan í a spíonadh, bhí an lomairt sin le briseadh suas agus le spíonadh agus nítí sin uilig leis na lámha, a tarraingt as a chéile agus ansin bhí sí le cárdáil. Ba ghnách leofa rollóga a dhéanamh díthe leis na cardaí seo. Ansin thiocfadh leo na rollóga a shníomh ar an túirne.San am a chuaigh thart ba túirní móra a bhí acu ach ansin sna blianta deireanacha ba túirní beaga a bhíodh acu.Corruair nuair a bhíodh siad ag cardáil ba ghnách leo ola de shórt éigin a chur san olann, cuir i gcás im úr nó rud inteacht mar sin, bheadh an olann níos fusa a shníomh ansin. An Túirne. Bhí mise ag obair le sean- bhean a níodh a cuid sníomhacháin ar fad leis an túirne mhór ach tá sise marbh le fada anois, ba sin Anna Nic Giolla Uain, thuas sna Cruacha Gorma, bhí an túirne mhór aici sin.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3