Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 2 Cúlra: Chuir Rialtas na Breataine neart Coimisiúin ar bun san 18ú agus 19ú aois le taighde a dhéanamh ar staid an oideachais in Éirinn. Thug na coimisinéirí cuairt ar chineáil difriúla scoileanna a bhí ar bun sa tír cheana féin, cuid mhór acu ar bhonn neamh - fhoirmiúil. I measc na scoileanna seo bhí scoileanna scairte nó hedge schools. Tá sé ráite i seanchas na háite seo go raibh scoil scairte i nGort na Luchóg, i nDún Dubháin, ar An Ghlíob agus ar an Ard Bán. Leoga fuarthas iarsmaí de shean chlog scoile ar an Ard Bán blianta gairide ó shin. Bhí tuarastal millteanach íseal ag múinteoirí sna scoileanna seo agus go minic bhéarfadh pobal na háite breosla ( fuel ) nó bia do na múinteoirí le iad a mhealladh le leanstan orthu ag teagasc sa cheantar. Ar feadh tamaill cuireadh constaicí ar

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3