Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 20 Ba ghnáth túirne a bheith in, choir a bheith, achan teach am amháin. Bhí sé cosúil leis na fidléirí. Nuair a bhí mise mo ghasúr ag éirí aníos féadaim a rá nach raibh teach i bParóiste Ghleann Cholm Cille nach raibh fideal crochta ar ailt na tineadh ann agus bhí an túirne ag dul le sin i gceann achan tigh. Agus i ndáiríre dá mbeadh fear ag dul a phósadh cailín óg ní raibh mórán measa uirthi sna laetha sin muna raibh sí ábalta cárdáil agus sníomh agus bainín a dhéanamh. D ’ fhéadfadh túirne a bheith ag dul léithe mar bhrontannas go dtína baile úr. Dallamullóg. Bhí gnás eile ann maidir le salachar na gcaorach agus ‘ sé sin gur ghnách an salachar seo a chur isteach sa bhainne, é a bhruith agus ansin é a thabhairt do pháistí a mbíodh an bhruicíneach orhtu. Níl mé cinnte cad chuige ar dearnadh seo ach d ’ fhéadfadh sé gur de thairbhe go mbíodh cuid mhaith luibheanna a ithe ag an chaora.Char mhaith liom é a thairiscint do pháistí an lae inniu agus inseacht dóbhtha cad é bhí ann. Tá carraig thíos faoin teach inár tógadh mé i gCluain tSaileach agus an t - ainm atá air ná Leac na hAitinne. Tugadh an t - ainm sin air mar gur ghnách le muintir na háite aiteann a bhriseadh suas ann le tabhairt do na beithígh agus na hasail nuair a bheadh an cochán nó an féar gann ag tús na bliana. Is iad na brainsí beaga caola thart ar bharr an aitinn ar fad, nuair a bheadh an bláth ag teacht air faoin am seo den bhliain, a bhaineadh siad úsáid as. Bheadh siad níos blasta do na hainmhithe nuair a bhrisfeadh siad suas bog iad. Bhaineadh siad úsáid as tuairgnín le é a bhuaileadh nó píosa adhmad a mbeadh cos air. D ’ inis m ’ athair, James Ann, do Dinis Dhonnchaidh Mhicheáil go raibh an leac íochtarach ina luí ar a taobh agus gur chuir Proinsie Dhonnchaidh Mhicheáil, uncail le Dinis, ina seasamh ar a corr í le níos mó réiteach a dhéanamh ann. An fhear deireanach a chonaic Dinis ag obair ann ná Mánas Bhrinie Thuathail. Bhí sin thart ar 1946. Roimhe sin bhí muintir an bhaile agus muintir na Cloiche Báine ag baint úsáid as. In mo shealsa i gCluain tSaileach, bhain muid úsáid as Leac na hAitinne mar áit imeartha. Is dóiche gurbh é an chuimhne is fearr atá agam den áit ná nuair a bhí an bonnachán againn ann. Traidisiún mór a bhí sa bhonnachán i Ros Goill san am. Cá ndeachaigh sé? Bhí an carghas le coinneáil againn achan bhliain ar mhilseáin agus leath bealaigh fríd,
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3