Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 21 bheadh muintir an bhaile ag díriú ár n - aird ar an bhonnachán. Bhí teach le tógáil agus ba ag Denis, mo dheartháir, a bhí an cúram seo. Corruair bheadh an teach againn ag taobh an bhóithigh agus amanna eile bheadh sí thíos ag Leac na hAitinne. Bhí sean bhallóg cheana féin ag taobh an bhóithigh agus mar sin cha raibh ach díon le cur air. Bhí cuidiú le fáil ó na comharsana ag Dinis fá choinne truipleoga a fháil agus chuirfeadh sé iad seo trasna ar phíosaí adhmad agus fágadh poll beag ann le oibriú mar shimléar leis an toit a ligean amach. Níl cuimhne agam ar cuireadh díon ar Leac na hAitinne. Cha raibh páistí ar bith eile ar an bhaile s ’ againne agus mar sin bhí muid mar chlann rí ann, gan ganntanas de shórt ar bith orainn. I rith seachtain na Cásca bheireadh na comharsa ar an Bhaile Thiar agus ar an Bhaile Thoir ubh an duine dúinn don lá mór. Cha raibh barraíocht iomrá againn san am sin ar uibheacha na Cásca mar atá acu sa lá inniu. Ar an Satharn ansin, bhí tine le hullmhú fá choinne an lá mór. Ar an Domhnach, i ndiaidh am dinnéir, bhí an tine le lasadh, pota breá mór uisce le tabhairt amach agus na huibheacha le bruith. Corr bhliain bhíodh cúpla clann dár gcairde ag tarraingt orainn agus in amanna bhíodh muid linn féin. An chuimhne is mó atá agam féin ná a bheith plúchta leis an toit ón tine agus muid inár suí taobh amuigh ar an talamh agus ubh agus spúnóg ag achan duine, bosca salainn eadrainn, ag ithe go réidh go mbeadh maróg orainn. Ina suí inár measc i gcónaí, bhí mo mháthair, ag glacadh páirt sa traidisiúin seo mar a shíl mé ach is dócha go raibh sí ag coinneáil súil ghéar orainn nach bhfaigheadh muid dóite leis an tine. Nach raibh an aimsir níos fearr an t - am sin fosta? Thíos ag Leac na hAitinne bhí an aimsir i gcónaí maith. Bhí sé níos fusa an tine a choinneáil anseo mar go raibh leac chosanta ar thrí thaobh aici ach, in amanna leoga, bhí trioblóid leis an toit fosta. An rud a chur iontas orm faoin traidisiún seo ná nach bhfuil cuimhne ar bith ag mo dheirfiúr, Máire, air cé nach bhfuil sí ach sé bliana níos óige ná mise. Tá Leac na hAitinne clúdaithe le copóga agus cúl faiche anois agus cha n - aithneofá an áit, dalta go leor áiteanna eile cosúil leis ach is binn na glórtha atá le cloisteáil i mbóithrín na smaointe uaidh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3