Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 22 Bean uasal lách, carthanach a bhí i gCaitlín, bean Jack Mac Pháidín. Cé go raibh os cionn an chéid nuair a fuair sí bás i Mí Márta b ’ ábhar bróin a bhí ann don cheantar. Ar dheis lámh dé go raibh a h - anam uasal. Rinne a mac Ciaran cur síos anseo ar shaol a Mháthrach Dé Luain, an cúigiú lá de Mhí na Márta, tháinig scéala ‘ na nDúnaibh go raibh Caitlín Mhic Pháidín, an duine ba sine sa pharóiste indiaidh bás a fháil I mBaile Atha Cliath. Bhí cónaí uirthí ‘ sna Dúnaibh ó 1945 nuair a phós si Séan (Jack) Mac Pháidín as Doire a ’ Chasáin. Rugadh Caitlín ar an 26ú lá d ’ Iúil, 1917 ar an Fhál Carrach. Ba as Oileán na Cruite a hathair Antaine Ó ’ Dochartaigh agus as an Teampall Maol in Inis Eoghain Thoir a máthair, Máíre Ní Canna. Bhásaigh a máthair nuair a bhí Caitlín sé bliana d ’ aois agus a hathair nuair a bhí sí cuig bliana déag. Nuair a theip ar shláinte a hathar, bhí Cáitlín go díreach ag toiseacht I gClochar Loreto i Leitir Ceanainn agus tugadh í ‘ na bháile le hamharc indiaidh a hathar go bfhuair sé bás i 1932. I rith an ama seo, lean Caitlín den oideachas ‘ sa bháile faoi threoir a deirféar Anna a bhí ina múinteoir scoile ar an Fhál Carrach agus nuair a bhí sí an aois cheart, chuiagh sí i mbun traenála le bheith ina banaltra in Ospidéal Mercers i mBaile Atha Cliath agus ina dhiaidh sin in Ospi- déal Sráid Holles. Cháiligh sí mar bhanaltra agus mar chnáim- hseach i 1940 agus chaith sí tamall ag obair mar bhanaltra ar Inis Oírr amach ó chósta na Gaillim- he agus i gCluain Maine in Inis Eoghan sular phós sí Jack i 1945.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3