Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 23 Chuir said futhú ar dtús sa Teach Bán a bhi ar chúl an Downings Bay Hotel ach atá leagtha anois. San am sin, geobhfá uisce ó phump a bhí ar an tsráid taobh amuigh de theach Georgie Doherty. Ina dhiaidh sin, chaith said cúpla bliain i dteach Kelly an áit a bhfuil cónaí ar Marion Buchannan anois agus ba thíos tigh Diamond go minic a geobhfá buicéad uisce ó Mhánas Mór. Ina dhiaidh sin, bhog said go Leargan Riabhach go dtí ’ n teach úr a thóg Jack ansin. Nuair a bhi Caitlín agus Jack ag dul anonn in aois, dhíol said a ’ teach sin agus bhog said don uair dheireanach go dtí Beach Park. Nuair a fuair a fear céile Jack bás i 2002, lean Caitlin ina cónai léi fhéin sna Dúnaibh go dti go raibh sí 97 agus bhog sí ansin go Baile Atha Cliath an áit ar thosaigh sí mar bhanaltra óg i 1940. Deichniur clainne a bhí ag Caitlín agus Jack agus ba chúis mhór bróin dóibh nuair a maraíodh a iníon Eithne agus a mac óg Eoghan i dtimpiste i 1982. Tá an chuid eile den chlann, Maureen, Ciarán, Aodán, Seán, Ronán, Dairine, Raymond agus Orla uilig sa tír go fóill agus tá cónai ar Dhéaglán I Singapore. Ar dheis lamh Dé go raibh a hanam uasal. Caitlín mar bhanaltra óg i gCluain Maine 1943
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3