Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 3 Scoil Mhíobhuí Chaitlicigh oideachas de shórt ar bith a fháil. Chuir An Act to restrain foreign education (1695) agus An Act to prevent the further growth of popery (1704) cosc ar Chaitlicigh bheith i gceannas nó ag teagasc in scoil nó a dhul thar sáile le oideachas a fháil. Mar sin féin, chuir na hEaglaisí uilig suim san oideachas ach chan ar mhaithe le litearthacht agus uimhearthacht amháin a cuireadh an tsuim seo. Chonacthas do cheannairí na nEaglaisí go dtiocfaí smacht agus srian a choinneáil ar dhaoine, iad a choinneáil dílis don Eaglais agus srianta a choinneáil ar thuairimí pholaitiúil agus chreidimh. I bhfocla eile bhí na hEaglaisí ag iarraidh go mbeadh a lucht leanúna dílis don status quo. Bhí tábhacht faoi leith ag baint le seo in Éirinn mar de réir an t - oideoir ( educator) John Foster in 1905: The feelings of the Irish Nation are strong, and their passions sometimes dangerous in the extreme. In 1824 cuireadh coimisiún eile ar bun le súil a chaitheamh ar na córais dhifriúla oideachais a bhí sa tír. Bhí an coimisiún seo i bhfabhar go mbeadh na páistí as achan chreideamh le chéile i rith an lae fá choinne na hábhair uilig ach amháin Creideamh. Bheadh na páistí as na creidimh dhifriúla á dteagasc i ngrúpaí leo féin. In 1831 scríobh Príomh - Rúnaí Éirinn, Lord Stanley, litir chuig an Diúc Laighean ag tabhairt cuireadh dó bheith mar chathaoir- leach ar Bhord Nua na gCoimisinéirí Oideachais Náisiúnta. Mhol Stanley, mar cheann de phríomh aidhmeanna an bhoird seo, nach mbeadh deighilt (separation) ar bith idir na páistí ar bhonn a gcreideamh. Mar sin, is córas ilchreidmheach (multi - denominational) a bhí i gceist. Dár ndóigh, chruthaigh seo aighneas agus conspóid idir na hEaglaisí dhifriúla agus idir na hEaglaisí agus an Stát. Thiocfadh le duine a rá go
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3