Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 4 bhfuil seo ag leanstan ar aghaidh go dtí an lá inniu. Sin agaibh achoimre ar chúlra an chórais oideachais sa tír seo agus bhí sé i bhfeidhm 40 bliain sular cuireadh a leithéid de chóras ar bun sa Bhreatain. Oideachas i Ros Goill Chaith mé féin tamall sa Chartlann Náisiúnta le tamall ag amharc siar ar thuairiscí fá scoileanna i Ros Goill. Sa ghiota seo beidh mé ag díriú isteach ar mo shean scoil féin, sin Scoil Mhíobhuí agus tá cuntas agam anseo ar chuid den eolas a dtáinig mé trasna air. Faoi mar a dúirt mé thuas bhí cúpla scoil scairte sa cheantar anuas fríd na blianta. Tá tuairiscí le fáil a deir go raibh deacrachtaí múinteoirí a fhostú sa cheantar de bharr iargúltacht (remoteness) na háite agus easpa lóistín, go háirithe do mhúinteoirí a raibh teaghlach acu. I Mí Meán Fómhair 1931 scríobh an tAthair Mc Intyre, sagart a bhí sa pharóiste san am, litir chuig an Roinn Oideachais ag rá gur chuir sé fógra sna páipéir ag cuartú Príomh Oide do Scoil Mhíobhuí agus go raibh deacrachtaí móra aige duine cáilithe a fháíl mar ' there's no housing accommodation for a family man nor suitable lodgings within 3 to 4 miles of the school'. Sa deireadh ceapadh John Mc Ginley ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair 1931, bhí seisean ag teagasc i Laghey roimhe sin. San am sin agus leoga suas go dtí na 1960aidí d'fhanfadh páistí ar scoil go dtí go mbeadh siad thart ar cheithre bliana déag, an t - aon oideachas a fuair na créatúir ná ar an scoil náisiúnta. Go minic bheadh siad as láthair ón scoil ó Bhealtaine go Samhain, ar Muintir Bhill I 1909 : Máire, Maggie, Bill, Sarah, Madgie Bhán (an Mháthair), Micí, Kitty, Madgie (chun tosaigh), Paidí agus Denis

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3