Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 5 shiúil ar fostú thart fan áit, i bhFánaid nó in áiteanna mar An Lagán. Bhí caighdeán ard go leor sa churaclam ag an am ach níl a fhios agam ar cuireadh i bhfeidhm é go díograiseach. Bhí céimseata, ailgéabar agus uimhríocht ar an chlár matamaitice. Ó na tuairiscí a fuair mé féin cuireadh béim ar scríobh, go háirithe scríobh litreacha sa dóigh is go mbeadh daoine ábalta litir a chur 'na bhaile nuair a d'imeodh siad ar imirce. Cuireadh béim ar fhuáil agus cniotáil do ghirseacha agus is minic gur i rang mar seo a bhíodh siadsan nuair a bheadh na gasraí i rang ailgéabar. Thosaigh Liam Mac Lochlainn, (Bill), as Baile na Deora ag teagasc i Sean Scoil Mhíobhuí i Mí Dheireadh Fómhair 1890. Fear darbh ainm Neil Mc Cafferty a bhí ann roimhe sin, níl eolas ar bith agam faoi. D'inis Kitty Bhill domh gur thosaigh sí ar an tsean scoil nuair a bhí sí trí bliana d'aois (1897) agus gur chaith sí bliain ina suí san fhuinneog ag marú cuileogaí! San am, is ag an choirneál ag Tigh Fanny i mBaile na Deora a chríochnaigh an bealach mór agus d'inis duine de bhunadh Mhicí Brown (Mac Lochlainn) as Gort na Luchóg domh gur chuimhin leis lá amháin go raibh tuillte millteanacha ina rith síos an mhalaidh agus go dtáinig Bill amach agus gur chuir sé leacacha trasna an chosáin sa dóigh nach bhfaigheadh na páistí a gcuid cosa fliuch. Aistríodh isteach sa scoil úr ar 22ú Deireadh Fómhair 1923. An tÁthar Ó Baoill a bhí ina shagart paróiste anseo san am. Bhí 43 gasúr agus 32 girseach ar rollaí na scoile. Fuarthas deontas de £1950 ón Roinn Bernard agus Annie Bhrianaí (Mac Lochlainn) An litir a scríobh Bill nuair a bhí sé ag fágail Scoil Mhíobhuí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3